Bacstaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Boxty)
Bosca Sonraí BiaBacstaí
Bunús
Tír dhúchaisÉire
Sonraí
Cineálpancóg prátaí agus mias phrátaí
Príomh-chomhábhairpráta

Tugtar bacstaí nó "steaimpí" ar cháca fataí a dhéantar a chócáil ar an bhfrioctán nó ar an ngrideall, agus is minic a dhéantaí san iarthar agus i dTír Chonaill in Éirinn iad.

Seo oideas amháin chun bacstaí a dhéanamh:

500 gr prátaí amha
500 gr prátaí buailte
500 gr plúr bán
Bainne
Ubh an duine
Salann agus piobar

Scíob na fataí amha agus measc leis na fataí briste iad. Cuir an salann, an piobar agus an plúr leis seo. Buail na huibheacha agus cuir leis an meascán iad le díreach dóthain bainne le meascán a dhéanamh a thitfidh de spúnóg. Cuir ar an ngrideal nó ar an bhfriochtán spúnóg boird san am é, agus déan cócaireacht air le teas measartha ar feadh 3-4 nóiméad ar gach taobh. Féadtar iad a chur ar fáil le bricfeasta Gaelach (bagún, ispíní, uibheacha agus putóg dubh friochta nó le hanlann úll.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]