Bolcáiniú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bolcáiniú

Modhnú airíonna rubair trí oibriú ceimiceach a dhéanamh air le sulfar (ach amháin rubair shintéiseacha áirithe). Cruthaíonn sé seo trasnaisc idir na macramóilíní rubair. Is féidir ceimiceáin eile a úsáid chun na himoibrithe seo a bhrostú. Próiseas é seo a d'fhionn Charles Goodyear i 1839. Feabhsaíonn sé an neart teanntachta, an leaisteachas, cruas an dromchla is a fhriotaíocht scríobtha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bolcáiniú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 82.