Neart teanntachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An strus i dteannas is gá chun ábhar a bhriseadh. Úsáidtear σ mar siombail dó, agus tomhaistear in aonaid Pa (pascal) é. Maidir le miotal, bíonn an tréith seo ag a huasluach nuair a fhuartharraingítear ina shreang é. Nuair a chuirtear strus níos lú ná an neart teanntachta i bhfeidhm ar ábhar, tagann míchumadh (fadú) plaisteach ar an gcuid is mó díobh. Bíonn neart 2 × 109 Pa ag sreang cruach piano, agus σ = 2 × 108 Pa ag iarann teilgthe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Neart teanntachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.