Bina McLoughlin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBina McLoughlin
Beathaisnéis
Breith1929
Gleann na nGeimhleach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Feabhra 2001
71/72 bliana d'aois
Áit adhlacthaAn Líonán Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheGleann na nGeimhleach
Coilleach Bheag
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmcardálaí, feirmeoir caorach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

IMDB: nm0572927 Cuir in eagar ar Wikidata

Feirmeoir caorach agus cardálaí as Conamara ab ea Bina McLoughlin (1929–2001). Baisteadh “the Queen of Connemara” uirthi i ndeireadh a saoil.

Rugadh agus tógadh le Gaeilge i nGleann na nGeimhleach í, i ngar don Líonán i dtuaisceart Chonamara. Ba iad Peadar Mac Lochlainn agus Áine Seoighe a tuismitheoirí.[1]

Chaith sí an chuid is mó dá saol fásta ina cónaí ina haonar ar fheirm i gCoilleach Bheag, achar gairid ón Líonán, áit a raibh tréad caorach ar chnoc aici.

Nuair a rinneadh an scannán The Field sa cheantar i ndeireadh na 1980idí, tugadh ról beag di. Bhí sí in ann a feisteas féin ar fad a chaitheamh as an mbailiúchán de sheanbhalcaisí a bhí aici.[1].

Thacaigh sí go láidir le Fianna Fáil, go háirithe le hÉamon Ó Cuív, agus théadh sí amach ag stocaireacht ar a shon sna 1980idí agus sna 1990idí. Nuair a fuair sí bás i 2001, d'fhág sí a feirm agus a talamh, arbh fhiú thart ar mhilliún punt iad, le huacht ag Ó Cuív.[2] Dhiúltaigh sé an tiomnacht, agus fágadh an talamh ag deirfiúracha McLoughlin a bhí ina gcónaí i Sasana.

Rinneadh gearrscannán faoina saol i 2018 dar teideal The Queen of Connemara: The Extraordinary Life of Bina McLoughlin.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "O Cuiv turns down £1m house, land bequest" (2001-02-27). Dáta rochtana: 2024-02-13.
  3. "The Queen of Connemara". Dáta rochtana: 2024-02-13.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]