Beinsidhé-asaipíní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaBeinsidhé-asaipíní
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtapsychoactive drug (en) Aistrigh agus organonitrogen heterocyclic compound (en) Aistrigh
Cód ATCN05BA, N03AE agus N05CD

Grúpa drugaí, gach ceann acu le hiarmhairt, a bheag nó a mhór: iarmhairt frithimní, frith-thitimis, hiopnóiseach, thámhshuanach is mhatánligeánach. Tugadh isteach dhá shuaimneasán, clórdhé-asapocsaíd (Librium) agus dé-asapam (Valium), i 1960 is 1962 faoi seach. Úsáidtear níotrasapam (Mogadon) is teimeasapam (Normison) mar hiopnóisigh, agus ailpreasalam chun cosc a chur le himní. Is drugaí sábháilte iad seo, agus is annamh a thógtar ródháileog: mar sin, tá siad tar éis ionad na mbarbatúráití (a raibh baol níos mó ag baint leo) a ghlacadh. Ach le húsáid an-fhorleathan, tá fianaise láidir gur féidir andúil a chur iontu. Mar sin, tairgtear sa Bhreatain, mar shampla, gan iad a úsáid ach i gcásanna dianimní nó easuain, ar feadh 4 sheachtain ar a mhéid.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Beinsidhé-asaipíní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 70.