Barbatúráití

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaBarbatúráití
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtapirimidín

Drugaí a dhíorthaítear ón aigéad barbatúrach, a ullmhaíodh den chéad uair ar Lá Fhéile Bhairbre 1863, deirtear. Tugadh barbatón isteach sa mhíochaine i 1903, agus féanabarbatón i 1912.

Tá suas le 50 barbatúráit a úsáideadh uair éigin mar shuaimhneasáin, piollairí codlata, agus drugaí frith-thitimeacha. Ar an drochuair, de réir mar a thógtar iad méadaíonn acmhainn duine orthu, agus ní mór an dáileog a mhéadú le feabhas a fháil, ach tá siad nimhiúil i ndáileoga móra, agus cuirtear andúil iontu.

Faoi seo tá beansóidiasaipín curtha ina n-ionad mar shuaimhneasán is piollaire codlata níos sábháilte.

Andúiligh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shlog Marcel Proust siar barbatúráití i ndeireadh a shaoil.[1][2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Barbatúráití". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 63.
  2. Senioractu.com. "Asthme et littérature : quand la maladie s'invite au sein d'une oeuvre... Par le Pr. Jean-Pierre Orlando" (fr). Senioractu.com : le magazine des seniors. Dáta rochtana: 2022-11-17.