Bópal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBópal

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 23°15′N 77°25′E / 23.25°N 77.42°E / 23.25; 77.42
Tíran India
Stát san IndiaMadhya Pradesh
Division of Madhya Pradesh (en) AistrighBhopal division (en) Aistrigh
District of India (en) AistrighBhopal district (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,798,218 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,774 hab./km²
Teanga oifigiúilAn Hiondúis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla648.24 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde527 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Achalpur (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist462001 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód91-755 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbhopal.nic.in Cuir in eagar ar Wikidata
Bópal

Cathair phlódaithe san India, áit ar sceith níos mó ná 30 tonna den cheimiceán nimhiúil meitilisicianáit i 1984 as monarcha Union Carbide ina ndéantaí feithidicídí. I bhfoirm gáis a bhí an t-ábhar tocsaineach seo, agus d'imoibrigh sé go fíochmhar le haon fhliuchras ar na hainniseoirí a tháinig i dteagmháil leis. Fuair níos mó ná 7,000 duine bás de bharr na tubaiste seo, leath díobh go luath ina dhiaidh. Le fada ina dhiaidh sin, níor cheap na saineolaithe go mbeadh iarmhairt an áir leath chomh huafásach is a bhí. Níor thuig siad gur féidir leis an meitilisicianáit treá go domhain sna fíocháin gan imoibriú is dochar a dhéanamh don dromchla amháin. Bhí na daoine a tháinig slán go díreach tar éis na tubaiste faoi léigear le blianta ag an iliomad galar marfach i ngach aon bhall dá gcolainn. Faoi seo táthar den tuairim gur féidir leis an tocsain seo ceangal a dhéanamh le glútaitíón, ceimiceán a chosnaíonn na scamhóga is fíocháin eile i gcoinne tocsainí, ach a d'iompair an tocsain seo go frithchosúil go domhain isteach sna fíocháin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bópal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 84.