Bóiriam
Cuma
| Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
|---|---|
| Bóiriam sa tábla peiriadach | |
| Siombail cheimiceach | Bh agus Uns |
| Uimhir adamhach | 107 |
| Cumraíocht leictreon | [Rn] 5f¹⁴ 6d⁵ 7s² |
| Peiriad, Grúpa | peiread 7 grúpa 7 |
| Airíonna fisiceacha | |
| Dlús | kg/m⁻³ |
| Stair | |
| Aimsitheoir | Yuri Oganessian |
| Fionnachtain | 1976 |
| Eapainm | Niels Bohr |
Is dúil cheimiceach shaorga é an bóiriam agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Bh. Níl uimhir adamhach i gciall cheart an fhocail ag an mbóiriam, ach is í maisuimhir an iseatóip is troime atá aige, mar atá, 107, a dhéanann gnó na huimhreach adamhaí. Tá Bh-107 aon soicind amháin thar an trí scór ar leathré.
Is é an bóiriam an bhall is troime de sheachtú grúpa an tábla pheiriadaigh (grúpa a 7, nó VIIB). Cé gur dúil an-éagobhsaí é an bóiriam, d'éirigh leis na heolaithe a léiriú go turgnamhach go bhfuil iompraíocht cheimiceach an bhóiriam sách cosúil le dúile eile an ghrúpa, an réiniam ach go háirithe. Glactar leis go bhfuil an staid ocsaídiúcháin úd +7 níos cobhsaí ag an mbóiriam ná ag an réiniam féin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |