Bíol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bíol

Clann téaduirlisí ceoil a bhoghaítear. Forbraíodh go mór sa 15ú céad iad, agus bhí siad an-choitianta gur tháinig clann na veidhlíní ina n-ionad. Tá an dá chlann seo cosúil, ach tá difríochtaí suntasacha eatarthu. Bíonn cúl maol ag an mbíol, easnacha doimhne, guaillí a chlaonann isteach sa scornach (a mbíonn cipíní méire uirthi de ghnáth), 5-8 téad, agus ton bog fíneálta. Freagraíonn méid is raon na mbíol (tribil, teanór, dord) do raon na veidhlíní go ginearálta. Seinntear mórchuid na mbíol, de gach méid, is iad leagtha ar na glúine (is uaidh sin an téarma viola da gamba, bíol glúine). Luaitear an t-ainm bíol glúine go príomha leis an dordbhíol, gléas le 6 théad atá cosúil leis an dordveidhil ina raon. Saghas bíl eile ab ea an viola da braccio, bíol géige. Ceann tábhachtach díobh seo ab ea an viola d'amore, bíol an ghrá, a sheinntí mar a sheinntear veidhlín anois, a raibh 5-7 téad air is scornach gan chipíní méire. Go suntasach, bhíodh téada breise báúla air, ceann feistithe faoi bhun gach téide boghaithe, i dtiún leis an téad sin os a cionn. Shroich seinm na mbíol is an chumadóireacht chuige a buaic i Sasana i lár an 17ú céad nuair a bhíodh ensemble 3-6 bhíol an-choitianta.