Asma Jahangir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAsma Jahangir

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ur) عاصمہ جہانگیر‎
Beathaisnéis
Breith(en) Asma Jilani
27 Eanáir 1952
Lahore, An Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Feabhra 2018
66 bliana d'aois
Lahore, An Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Stad cairdiach)
Special Rapporteur on human rights in Iran (en) Aistrigh
1 Samhain 2016 – 11 Feabhra 2018
← Ahmed Shaheed
President of Supreme Court Bar Association of Pakistan (en) Aistrigh
27 Deireadh Fómhair 2010 – 31 Deireadh Fómhair 2012
United Nations Special Rapporteur on Freedom of Religion or Belief (en) Aistrigh
2004 – 2010
UN Special Rapporteur on Extrajudicial Executions (en) Aistrigh
1998 – 2004
Human Rights Commission of Pakistan (en) Aistrigh
1987 – 2011 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Phuinseáb
Kinnaird College for Women (en) Aistrigh - Baitsiléir Dlíthe (–1978) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheIslamabad
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí ar son chearta an duine, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Duine muintearthaHina Jilani (sister's husband (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2492778 Cuir in eagar ar Wikidata

Dlíodóir mór le rá agus gníomhaí ar son chearta an duine sa Phacastáin ba ea Asma Jahangir (27 Eanáir 195211 Feabhra 2018).

2011

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

2012

Céimí de chuid Choláiste Chinn Àird do Mhná i Lahore agus Choláiste Dlí Ollscoil na Puinseáibe ba ea í. Ligeadh Jahangir isteach chun cleachtadh, os comhair Ard-Chúirt Lahore sa bhliain 1980 agus os comhair Chúirt Uachtarach na Pacastáine sa bhliain 1982.[1]

Bhí Jahangir ar thús cadhnaíochta an bharra sa Phacastáin agus bhí sí ina hUachtarán ar Chumann Barra Chúirt Uachtarach na Pacastáine ó 2010 go 2012, an chéad bhean a bhí sa phost. Bhí sí cáinteach faoi na breithiúna Pacastánacha as a n-údarás breithiúnach a shárú agus gníomhú mar ionadaithe polaitithe an airm.[1]

Asma Jahangir agus Alastair Burt i Londain, 2012

Chomh maith leis an obair a rinne sí mar dhlíodóir, ghlac Jahangir páirt i roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhaineann le cearta na duine agus leis an troid ar son an daonlathais, amhail an Ghluaiseacht um An Daonlathas a Athbhunú, Gluaiseacht na nDlíodóirí, Fóram Gníomhaíochta na mBan agus Coimisiún na Pacastáine um Chearta an Duine (ar a raibh sí ina comhbhunaitheoir sa bhliain 1987 agus ina ceannaire ar feadh beagnach ceathrú céid.)

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, bhí Jahangir ina Rapóirtéir Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Bású Seachbhreithiúnach (1998-2004), maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh (2004-2010) agus maidir le Cearta na Duine san Iaráin (2016 go dtí go bhfuair sí bás).[1]

Bás agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stróc a thug a bás, ar 11 Feabhra 2018. Ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna a bronnadh an Nishan-e-Imtiaz, duais shibhialta is airde de chuid na Pacastáine, uirthi tar éis báis.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Asma Jahangir (1952-2018)". Dáta rochtana: 2022.