Art Óg mac Murchadha Caomhánach
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1357 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 31 Nollaig 1416 (Féilire Ghréagóra) 59 bliana d'aois Fearna |
Áit adhlactha | Tigh Moling |
Ríthe na Laighean | |
1375 – 1416 ← Donnchad mac Muircheartaigh MacMurrough-Kavanagh (en) – Donnchadh mac Art Mac Murchadha Caomhánach → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Tréimhse ama | Glúin an 15ú aois agus glúin an 14ú aois |
Teaghlach | |
Céile | Elizabeth Calf |
Páiste | Donnchadh mac Art Mac Murchadha Caomhánach, Gerald MacMurrough Kavanagh (en) |
Athair | Art mac Muircheartaigh MacMurrough-Kavanagh (en) |
Rí na Laighean ba ea Art Óg Mac Murchadha Caomhánach (1357 – c. 1417) a mheastar go forleathan gurbh ar dhuine desna ríthe is cróga a bhí ann. Cuir sé athbheocht ní amháin i sainchearta an rítheaghlaigh, ach i dteannta sin ina chuid tailte agus cumhachta. Le linn a réimse 42 bliain, bhí sé i gceannas ar na lonnaitheoirí Normannaigh i Laighin.
Bhí ceannasacht Airt chomh mhéid sin chun aimhleas na coilíneachta agus a háitritheoirí, idir Gaeil agus Normannaigh, gu gurbh éigean do Richard II Shasana ag dul i ngleic leis i rith na mblianta 1394 agus 1395. Cé gur ghéill Art do Richard faoi dheireadh, thréig sé a dhílseacht agus Richard imithe. Chaith na Sasanaigh go cáiréiseach leis agus tugadh maithiúnas dó sa bhliain 1409.
Phós Art Elizabeth le Veel, aon-iníon Sir Robert le Veel agus baintreach Sir John Staunton of Claonadh. Sárú ar Reachtanna Chill Chainnigh a bhí a leithéid d'idirphósadh agus chaill an Choróin dá bharr thailte Elizabeth, barúntacht Angla-Normannach Norragh a tháinig le huacht chuici óna hathair san áireamh.
Bhí triúr mac ag Art: Donnchadh, Rí Laighean; Diarmaid Lamhdhearg; agus Gerald, Tiarna Fearna. D'aistrigh tailte Elizabeth chuig clann Wellesley, muintir a iníne, Elizabeth, lena céad fhear céile. Sinsear Diúc Wellington ba ea na Wellesleys.
Fuair Art bás go gairid tar éis Nollag 1417, nó b'fhéidir ina leaba i bhFearna, nó b'fhéidir é gur tugadh nimh dó i perhaps was poisoned in Ros Mhic Thriúin.[1][2]
I measc sliochtach Airt, tá an polaiteoir Éireannach den 19ú haois, Arthur MacMurrough Kavanagh.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúr síos bunaithe go garbh ar bheatha Airt is ea an t-úrscéal stairiúil den bhliain 1885 Art M'Morrough O'Cavanagh, Prince of Leinster: An Historical Romance of the Fourteenth Century le M. L. O'Byrne, scríofa ó thaobh náisiúnachais de.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála na gCeithre Máistrí, ar CELT
- Francis John Bryne, Irish Kings and High Kings (Baile Átha Cliath, 1973)
- Emmett O'Byrne, War, Politics and the Irish of Leinster 1156-1606 (Baile Átha Cliath, 2003)
- Gilbert, John Thomas (1893). Lee, Sidney (ed.). Foclóir Beathaisnéis Náisiúnta (in Béarla). Vol. 35. London: Smith, Elder & Co. . In
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Curtis, Edmund (2013-05-07). "A History of Medieval Ireland (Routledge Revivals): From 1086 to 1513" (as en). Routledge.
- ↑ http://www.libraryireland.com/JoyceHistory/Kavanagh.php
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ireland's Wars: How Art MacMurragh Brought Down The English Monarchy ag Never Felt Better