Art Óg mac Murchadha Caomhánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Art Óg Caomhánach
Mac Murchadha, Rí Laighean
Art Mór Mac Murchadha Caomhánach.jpg
Dáta breithe 1357
Dáta báis c. 1417
Áit bháis Fearna

Ros Mhic Thriúin
Ionad adhlactha Tigh Moling, Contae Cheatharlach
Réamhtheachtaí Donnchadh mac Muircheartaigh
Comharba Donnchadh mac Airt Mhóir
Rítheaghlach Mac Murchadha-Caomhánach
Céile Elizabeth le Veel

Rí na Laighean ba ea Art Óg Mac Murchadha Caomhánach (1357 – c. 1417) a mheastar go forleathan gurbh ar dhuine desna ríthe is cróga a bhí ann. Cuir sé athbheocht ní amháin i sainchearta an rítheaghlaigh, ach i dteannta sin ina chuid tailte agus cumhachta. Le linn a réimse 42 bliain, bhí sé i gceannas ar na lonnaitheoirí Normannaigh i Laighin.

Bhí ceannasacht Airt chomh mhéid sin chun aimhleas na coilíneachta agus a háitritheoirí, idir Gaeil agus Normannaigh, gu gurbh éigean do Richard II Shasana ag dul i ngleic leis i rith na mblianta 1394 agus 1395. Cé gur ghéill Art do Richard faoi dheireadh, thréig sé a dhílseacht agus Richard imithe. Chaith na Sasanaigh go cáiréiseach leis agus tugadh maithiúnas dó sa bhliain 1409.

Phós Art Elizabeth le Veel, aon-iníon Sir Robert le Veel agus baintreach Sir John Staunton of Claonadh. Sárú ar Reachtanna Chill Chainnigh a bhí a leithéid d'idirphósadh agus chaill an Choróin dá bharr thailte Elizabeth, barúntacht Angla-Normannach Norragh a tháinig le huacht chuici óna hathair san áireamh.

Bhí triúr mac ag Art agus bbb: Donnchadh, Rí Laighean; Diarmaid Lamhdhearg; agus Gerald, Tiarna Fearna. D'aistrigh tailte Elizabeth chuig clann Wellesley, muintir a iníne, Elizabeth, lena céad fhear chéile. Sinsear Diúc Wellington ba ea na Wellesleys.

Fuair Art bás go gairid tar éis Nollag 1417, nó b'fhéidir ina leaba i bhFearna, nó b'fhéidir é gur tugadh nimh dó i perhaps was poisoned in Ros Mhic Thriúin.[1][2]

I measc sliochtach Airt, tá an polaiteoir Éireannach den 19ú haois, Arthur MacMurrough Kavanagh.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúr síos bunaithe go garbh ar bheatha Airt is ea an t-úrscéal stairiúil den bhliain 1885 Art M'Morrough O'Cavanagh, Prince of Leinster: An Historical Romance of the Fourteenth Century le M. L. O'Byrne, scríofa ó thaobh náisiúnachais de.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Teimpléad:Laigin