Ceoltóir pop agus gaspail ab ea Aretha Louise Franklin (25 Márta1942 – 16 Lúnasa2018). 'Queen of Soul' an leasainm a bhí ar an amhránaí seo a rugadh i Memphis, Stát Tennessee ach a tógadh i gcathairDetroit[1].. Bhain sí cáil dhomhanda amach di féin de bharr a guth láidir.
Áirítear gur dhíol sí breis is 75 milliún ceirnín go domhanda, agus ba mhinic í ina príomhaoi ag ceolchoirmeacha freisin.
Ba díol ionspioráide í féin agus a cuid amhránaíochta dóibh siúd i ngluaiseachtaí cearta síbhialta chomh maith le cearta na mban sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile.
Chan sí ag an searmanas faoinar insealbhaíodh Barack Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá i 2009.
Bhí 21 Grammy bainte aici agus—dar le "Rolling Stone Magazine"—ba í an t-amhránaí ab fhearr ar domhan í tráth.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.