Aontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach
Cineál | accession of a country to the European Union (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | caidreamh idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach | |||
Tír | an Úcráin | |||
Croineolaíocht | ||||
Ionradh na Rúise ar an Úcráin | ||||
Chuir an tAontas Eorpach tús le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin sa bhliain 2023. D’fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, ar an 14 Nollaig 2023 go raibh sé socraithe tús a chur leis an idirbheartaíocht.[1]
Bhí sé ina imní ag an am go mbainfeadh Viktor Orbán, Príomhaire na hUngáire, leas as veto chun bac a chur ar chainteanna ballraíochta leis an Úcráin. Mhaígh sé nach ngéillfeadh sé do bhrú ó stáit eile san AE ach sa deireadh níor bhain sé leas as a veto.[1] Bhí Orban i gconaí i gcoinne na hÚcráine a bheith ina ball den Aontas. Ach shiúil sé amach as an seomra le linn do na ceannairí eile a bheith ag caitheamh vóta ar an gceist, rud a d’fhág gur glacadh leis an rún.[2] (Níos déanaí, vótáil Orban i gcoinne pacáiste fóirithinte – gur fiú €50bn é - a thabhairt don Úcráin).
Léirigh pobalbhreith a rinneadh i sé bhallstáit de chuid an AE go raibh scoilt i measc an phobail faoi mhéadú an AE. Ní raibh móramh ann ar son ballraíocht a thabhairt d’aon cheann de na tíortha a bhí ag iarraidh bheith istigh ach bhí meon níos ‘oscailte’ ag daoine i dtaobh na hÚcráine, an Mholdóiv agus Montainéagró.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "An tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-14). Dáta rochtana: 2023-12-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-15). "Bac curtha ag an Ungáir ar thuilleadh maoinithe don Úcráin" (as ga).
- ↑ Tuairisc (2023-12-14). "Cainteanna ballraíochta don AE le plé ag ceannairí an AE sa Bhruiséil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-16.
Is síol faoin Aontas Eorpach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol a bhaineann leis an Úcráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |