Charles Michel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCharles Michel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Nollaig 1975
48 bliana d'aois
Namur, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
3 Uachtarán na Comhairle Eorpaí
1 Nollaig 2019 – luach ar iarraidh
← Donald TuskDeireadh an phoist →
51 Príomh-Aire na Beilge
11 Deireadh Fómhair 2014 – 27 Deireadh Fómhair 2019
← Elio Di RupoSophie Wilmès →
Ball de chomh-aireacht: Michel I Government (en) Aistrigh, Michel II Government (en) Aistrigh
Aire um Chomhar Forbartha
21 Nollaig 2007 – 14 Feabhra 2011
← Sabine LaruelleOlivier Chastel →
Comhalta de Chomhlachas Ionadaithe na Beilge
Iúil 2004 – Nollaig 2007
Comhalta de Chomhlachas Ionadaithe na Beilge
2000
Comhalta de Chomhlachas Ionadaithe na Beilge
14 Deireadh Fómhair 2014
Comhalta de Chomhlachas Ionadaithe na Beilge
Samhain 2019
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversité libre de Bruxelles
Ollscoil Amstardam Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaiteoir
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaReform Movement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ollainnis, an Fhraincis agus Béarla
Buntuarastal262,964 $
Ghlac sé/sí páirt i
20 Eanáir 2020Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2020
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018
17 Eanáir 2017Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2017
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016
21 Eanáir 2015Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáirtíAmélie Derbaudrenghien Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLouis Michel
SiblínMathieu Michel
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáincharlesmichel.be Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: MR.CharlesMichel Twitter: CharlesMichel Instagram: charlesmichel Youtube: UCXa_Z3GW_3drBEUFUWp6n3w Cuir in eagar ar Wikidata

Charles J. Y. Gh. Michel (fraincis: [ʃaʁl mi.ʃɛl]; 21 Nollaig 1975 a rugadh é) Is polaiteoir Beilgeach de bhunús na Vallúine é, a fheidhmíonn mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí faoi láthair (ón 1 Nollaig 2019 i leith). Príomh-Aire na Beilge ab ea é ar feadh 5 bliana roimhe sin.

Mac Louis Michel é, polaiteoir suntasach eile sa Bheilg. Ceannaire an pháirtí liobrálaigh Mouvement Réformateur (MR) ab ea é ó mhí Feabhra 2011 go dtí gur roghnaíodh mar Príomh-Aire é ar an 11 Deireadh Fómhair 2014. Is Michel an Príomh-Aire is óige a bhí ag an mBeilg le breis is 150 bhliain.  

Tus a Ghairme[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Michel i Namur na Vallúine. Dhírigh sé a aird ar chúrsaí polaitíochta den chéad uair ag aois 16 bhliana déag nuair a chláraigh sé leis na Liobrálaigh Óige de Jodoigne (Jeunes Réformateurs Libéraux de Jodoigne); bhí a athair tófa mar mhéara Jodoigne ó 1983 ar aghaidh. I 1994, agus é 18 mbliana déag, toghadh mar chomhairleoir proibhinse i mBrabant na Vallúine é.

Sular glaoíodh chun barra na Bruiséile é, bhain sé céim amach sa dlí ó Shaor-Ollscoil na Bruiséile agus ó Ollscoil Amstardam.[1]

Labhraíonn sé Ollainnis liofa óir go ndearna sé stadéir in Amstardam, agus labhraíonn sé Fraincis mar mhatháirtheanga. 

A Ghairm Pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Michel do Theach na nIonadaithe den chéad uair i 1999, ach atoghadh é gach bliain ina dhiaidh. Is ionadaí do Bhrabant na Vallúíne é, áit a fhaigheann na liobrálaigh, Mouvement Réformateur, an-chuid tacaíocht uaithi.

I 2000, roghnaíodh mar Aire Gnóthaí Baile é sa Rialtas Vallúnach. Ag aois 25 bhliana, eisean a bhí ar an Aire ab óige i stair na Beilge.

Ar leibhéal áitiúil, toghadh ina chomhairleoir cathrach é i Wavre i 2000. Sa bhliain 2006, roghnaíodh é mar mhéara na cathrach.

I Nollaig 2007, roghnaíodh Michel mar Aire Comhoibriú um Fhorbairt na Beilge mar chuid den Rialtas Verhofstadt III, agus ina dhiaidh, roghnaíodh mar bhall den Rialtas Leterme I,  de rialtas Van Rompuy I, agus de Rialtas Leterme II é.

I 2009, d'adhmhaigh Michel gur thug raitis de chuid an Phápa Beinidict XVI scannal dó, ráitis a dhearbhaigh go raibh coiscíní ina gcúis scaipeadh SEIF. Dúirt Michel go raibh an raiteas ón Phápa "uafásach, scannalach agus rascánta, fiú."

Michel an chéad Príomh-Aire a bhfuil Fraincis mar mháthairtheanga aige a toghadh díreach i ndiaidh Príomh-Aire eile le Fraincis ó dhúchais aige le beagnach 50 bliain. Tharla sé don chéad uair sa Bheilg nuair a tháinig Pierre Harmel i gcomharbacht ar Paul Vanden Boeynants. 

Uachtarán na Comhairle Eorpaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thogh ceannairí an Aontais Charles Michel ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019. Chuaigh sé i mbun oifige an 1 Nollaig 2019.[2]

A Shaol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imríonn Charles Michel leadóg agus scuais mar chaitheamh aimsire, agus liostaíonn sé croquettes aux crevettes (cróicéad le séaclaí, sneaic choitianta sa Bheilg) mar an bia is fearr leis.[3]

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://premier.fgov.be/en/biography
  2. "Beathaisnéis Charles Michel" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  3. https://www.linkedin.com/in/charles-michel-314a4547
  4. arrêtés royaux du 21 mai 2014