Aonach an Phoic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAonach an Phoic
Íomhá ghaolmhar
Íomhá
Cineálféile Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCill Orglan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpuckfair.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtáiltear Aonach an Phoic (Béarla: Puck Fair) i gCill Orglan i lár mhí Lúnasa gach bliain.[1] Tá an t-aonach seo ar cheann de na haontaí is sine in Éirinn.[2] Bailíonn na sluaite i gCill Orglan gach aon bhliain chun radharc a fháil ar an bpoc gabhair cáiliúil, "Rí na gCnoc".

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go bhfuil sé 400 bliain ar a laghad ó tosaíodh ag sáinniú poc fiáin ar feadh 3 lá agus 3 oíche, leathchéad troigh os cionn na sráide i gCill Orglan mar chuid de cheiliúradh an fhómhair.[3]

Seanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios go díreach cén bhliain ar cuireadh tús leis an aonach, ach tá traidisiún fada agus go leor scéalta suimiúla ag gabháil leis.

Dar le cuntas amháin, rinneadh iarracht aonach a bhunú i gCill Orglan na blianta ó shin, ach ní raibh aon eallaí, seachas gabhair, ar fáil don aonach. Faightear insint eile ar an scéal céanna anseo sa chaoi a ndeirtear gur aonach seanbhunaithe é a reáchtáladh ar an 11 Lúnasa gach bliain ar feadh i bhfad. Ní raibh ach sean-phoc gabhair ar fáil bliain amháin agus dá bhrí sin, déantar ceiliúradh air ag Aonach an Phoic ó shin i leith.

Dar le cuntas amháin eile, ba é an gabhar a thug rabhadh do mhuintir Chill Orglan go raibh saighdiúirí ag druidim i dtreo an bhaile le linn aimsir Chromail. Thug an rabhadh sin deis do mhuintir na háite teitheadh roimh theacht na saighdiúirí. Déantar ceiliúradh ar an bpoc gabhair, nó “Rí Ríocht Chiarraí” ó shin i leith.

Faightear leagan eile den scéal céanna sa chuntas seo as Baile an Mhuilinn, Co. Chiarraí. Deirtear go raibh saighdiúirí Chromail cóngarach do cheantar Chathair Saidhbhín agus iad ag tabhairt ruaig chreiche ar lorg eallaigh. Bhí madraí ag seoladh na n-eallaí agus bhí orthu fiord a thrasnú nuair a shroich siad Cill Orglan. Sheas poc gabhair os a gcomhair amach agus chuir sé eagla ar na madraí agus d’imigh na heallaí abhaile in ainneoin orduithe na saighdiúirí.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 2020idí, bhí ciorrú mór ar an lear ama a chaitheann an poc gabhair crochta os cionn Chill Orglan, agus é sáinnithe i gcliabhán miotail os cionn na sluaite ar an mbaile. Sa bhliain 2022, tugadh anuas roinnt babhtaí an poc ar chomhairle tréadliachta.[3]

In 2023, crochadh "Rí na gCnoc" ar feadh tamaillín gearr an 10ú lá de mhí Lúnasa. Tugadh anuas ansin é, agus crochadh arís é ar an ardán arís ag clabhsúr na féile, an 12ú Lúnasa.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. gaois.ie (11 Lúnasa 2018). "Aonach an Phoic". Dáta rochtana: 11 Lúnasa 2018.
  2. puckfair.ie (11 Lúnasa 2018). "puckfair.ie Puck fair". Dáta rochtana: 11 Lúnasa 2018.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2023-07-17). "Faoiseamh beag i mbliana don phoc crochta ar ardán" (as ga-IE).