Anthony Leggett
Appearance
Fisiceoir a saolaíodh ar 26 Márta 1938 i Londain is ea Sir Anthony "Tony" James Leggett. Treoraí domhanda i bhfisic na hísealteochta. Sa bhliain 2003, le hAlexei Abrikosov is Vitaly Ginzburg, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice as a thaighde ceannródaíoch ar fhorsheoltóirí agus forshreabhacht. Tá sé ina ollamh le fisic ag Ollscoil Illinois, Urbana-Champaign ón bhliain 1983 i leith. Tá saoránacht Bhriotanach agus Mheiriceánach aige.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anthony Leggett". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 403.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |