Ann (Goody) Glover

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

B’Éireannach í Ann (Goody) Glover[1] agus Caitliceach. Seans maith gur cuireadh í chun na nIndiacha Thiar ó Chorcaigh le linn Chromail, ach tháinig sí i dtír ina dhiaidh sin i Meiriceá ar nós a lán Éireannach eile,[2] agus chuaigh i mbun oibre mar bhean níocháin i Sasana Nua. Bhí Gaeilge ar a toil aici. Bhí a lán Éireannach i Sasana Nua sa 17ú haois, i Maine agus in áiteanna eile, agus Gaeilge, is dócha, ag cuid mhaith acu. [3] Bhí Glover ar dhuine den dream a ciontaíodh in asarlaíocht i Massachusetts i ndeireadh an 17ú haois, nuair a cuireadh i leith a lán, idir mhná agus fhir, go raibh obair an diabhail ar siúl acu.


An Asarlaíocht i Sasana Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil de Shasana Nua, c. 1670

Cuireadh tús le Sasana Nua sa bhliain 1620: roinnt coilíneachtaí arbh iad na Piúratánaigh a bhí chun tosaigh iontu. Sna 1660í agus sna 1670í bhí rath ar na bailte beaga: feirmeoirí, iascairí, trádálaithe fionnaidh, lucht muilte sáibh ag maireachtáil in aice leis na Wabanaki (pobail dhúchasacha an réigiúin), a bhíodh ag feirmeoireacht, ag seilg agus ag iascaireacht sna gleannta. Ach d’éirigh na Wabanaki míshásta le hiompar na gcoilíneach, agus léiríodh an faltanas sin i gCogadh Rí Pilib (1675-1678). Bhí diantroid ar siúl timpeall na teorann thoir thuaidh agus i ndeisceart Shasana Nua, agus sa bhliain 1688 thosaigh cogadh eile in Maine. Chríochnaigh sin sa bhliain 1699, ach ba ghearr gur thosaigh cogadh eile. Maraíodh fir, mná agus páistí, fuadaíodh daoine agus tréigeadh feirmeacha.

Ní i mBostún (áit ar cúisíodh Ann Glover) is mó a tháinig anbhá ar dhaoine roimh an asarlaíocht ach i sráidbhaile Shálaem, áit a thug dídean do mhórán a theith ó na cogaí. Cuireadh scéin cheart ar Shálaem sna 1690s, nuair a thosaigh roinnt cailíní óga á n-iompar féin mar a bheadh an diabhal iontu.

Is beag duine nach raibh cinnte de go raibh asarlaithe ann. Mar sin féin, ní chreidfí gach duine a chuir asarlaíocht i leith duine eile i Sasana Nua, agus is minic a chuirtí an dlí ar an gcúiseoir féin. Mar sin féin, ciontaíodh agus daoradh daoine mar asarlaithe, agus crochadh iad.[4] Bhíodh gnóthaí eile ar siúl freisin, miondraíodóireacht agus frithdhraíodóireacht, agus bhí mná feasa ann agus cneasaithe. Ní thabharfaí asarlaithe ar a leithéidí de ghnáth, ach b’fhurasta dóibh titim i mbaol a gcúisithe.

Ba mhinic comharsana ag éileamh ar a chéile, á rá go ndearna duine éigin díobháil dóibh – rud éigin suarach, minic go leor. Bhíodh cloch sa mhuinchille ag daoine dá chéile, agus baint ag an achrann le miontubaistí an tsaoil.[5] Tríd is tríd, thugtaí ‘asarlaí’ ar dhaoine deacra achrannacha nó ar dhaoine nár chloígh le béasa an phobail.

Ba mhinice asarlaíocht á cur i leith ban ná i leith fear, agus gach seans nach gciontófaí na fir, mar síleadh go raibh lé nádúrtha ag na mná le hobair an diabhail. Seans, freisin, gur mothaíodh gurbh éigean údarás na bhfear a threisiú agus é i mbaol.

Scéal Ann Glover[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an scéal le conspóid:[6] chuir Martha Goodwin, iníon le John Goodwin, saor de chuid Bhostúin, i leith bean níocháin an teaghlaigh gur ghoid sí roinnt línéadaigh. Ba í Goody Glover máthair na mná úd; mhallachtaigh sí Martha, agus ba ghearr go raibh an cailín ag fulaingt ‘strange Fitts’. Ansin, i samhradh na bliana 1688, tháinig taomanna ar thriúr eile den chlann:

They would have their mouths opened unto such a Wideness, that their Jaws went out of joint; and anon they would clap together again with a Force like that of a strong Spring-Lock. The same would happen to their Shoulder-Blades, and their Elbows, and Hand-wrists, and several of their joints.[7]

Dúirt dochtúir gurbh asarlaíocht amháin a d’fhéadfadh an galar sin a tharraingt orthu. Leigheasadh duine den cheathrar le paidreoireacht, ach ní bhfuair an chuid eile faoiseamh nó gur cuireadh an bhean níocháin agus a máthair Ann i príosún. Bhí droch-chlú cheana ar an tseanbhean, agus daoine á rá gur thug sí bás mná le hasarlaíocht. Is léir, pé scéal é, nárbh aon dóithín í. Thosaigh na taomanna arís tar éis do ghaol le Glover íde béil a thabhairt do dhuine den chlann.

Triail Ann Glover[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’admhaigh Goody Glover go ndearna sí margadh leis an diabhal agus gur thug sé siúd cumhachtaí áirithe di mar mhalairt ar a hanam. Theip uirthi an Phaidir a aithris go cruinn i mBéarla,[8]cé go ndúradh na focail léi arís agus arís eile; bhí sí in ann an Phaidir a rá go héasca i Laidin, ach níorbh fhiú dada é sin.[9] Dúirt sí os comhair na cúirte nach raibh aici ach Gaeilge (cé gurbh é barúil Mather gur thuig sí Béarla go han-mhaith) agus bhí ar na breithiúna ateangairí a úsáid.

Nuair a cuardaíodh a teach thángthas ar roinnt bábóg beag ‘made of Raggs, and stuff’t with Goat’s hair, and other such Ingredients’.[10] Bhain an cúisiú suaitheadh aisti, mar, i bhfocail Cotton Mather, ministir nótáilte, ‘the Woman still kept stooping and shrinking as one that was almost prest to Death with a mighty Weight upon her’. Dúirt sí go gcéasadh sí na páistí trína méar a fhliuchadh le seile agus í a chuimilt de na bábóga, rud a rinne sí sa chúirt féin mar chruthú.

Bhí an chúirt cinnte de go raibh sí ciontach, ach b’éigean an cothrom a dhéanamh. D’ordaigh an breithiúna go scrúdódh roinnt dochtúirí í féachaint an raibh sí éadrom sa cheann, agus socraíodh go raibh sí ina ciall. B’in deireadh an scéil: crochadh í i lár Chimín Bhostúin ar 16 Samhain 1688.

Na hAiríonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir scoláirí éigin gur ré shuaite a bhí ann agus go bhfágfadh sin a rian ar intinn an aosa óig. B’fhéidir, áfach, gur galar coirp ba chúis le hairíonna mhuintir Goodwin. B’fhéidir gurbh é an t-eargót (an fungas claviceps purpurea) ba chúis le hiompar aisteach na ndaoine a imríodh ‘asarlaíocht’ orthu (Lina Caporeal, Science 2/4/76). Tá teoiric eile ag Laurie Winn Carlson, scoláire Meiriceánach: b’fhéidir gurbh é an t-ionchaifilíteas (encephalitis lethargica nó athlasadh inchinne) a bhí i gceist sa chás seo agus i gcáis eile. Mearú, fiabhras agus taomanna na hairíonna. Corrmhíolta a iompraíonn an víoras is cúis leis, agus bhí corrmhíolta le fáil ina dtáinte sa cheantar úd. Galar é a thagann agus a imíonn, agus fágann sé rian áirithe ar an gcorp: preabanna craicinn (deireadh daoine go mbíodh ‘miotóga’ á mbaint astu), baill dhearga ar cosúil le ‘greamanna’ iad agus goilliúnacht aigne.[11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Is ionann Goody agus Mrs. D’fhuaimnítí é mar [gu:di].
  2. Mac Aonghusa, Proinsias, ‘An Ghaeilge i Meiriceá’ in Go Meiriceá Siar, Stiofán Ó hAnnracháin (eag.), An Clóchomhar Tta 1975, lch 14.
  3. Tá cuntas ar Éireannaigh Shasana Nua in O’Brien (1937,1998).
  4. Hall (1999), lgh 3-16.
  5. An tOirr. John Hale, A Modest Enquiry into the Nature of Witchcraft, Boston 1702, lch 21. É luaite in Hall, lch 6.
  6. Tá cuntas ar scéal Ann Glover ó lámh an Oirmhinnigh Cotton Mather (1662-1728) ina leabhar Memorable Providences, Relating to Witchcrafts and Possessions (1689).
  7. Mather, Memorable Providences. É luaite in Coventry (2003), lch 61.
  8. Síleadh nárbh fhéidir le haon duine a bhí faoi smacht an diabhail an Phaidir a rá mar ba cheart.
  9. Carlson (199), lch 13.
  10. Mather, Memorable Providences. É luaite in Norton (2002), lch 39.
  11. Féach Carlson, A Fever in Salem.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Carlson, Laurie Winn, A Fever in Salem: A New Interpretation of the New England Witch Trials, Ivan R. Dee, Chicago, 1999
  • Coventry, William W., Demonic Possession on Trial: Case Studies in Early Modern England and Colonial America, 1592-1692, Writers Club Press, 2003
  • Hall, David D. Hall, Witch-Hunting in Seventeenth-Century New England: A Documentary History, 1838-1693, Northeastern University Press, Boston 1999 (an dara heagrán)
  • Mac Aonghusa, Proinsias, ‘An Ghaeilge i Meiriceá’ in Go Meiriceá Siar, Stiofán Ó hAnnracháin (eag.), An Clóchomhar Tta 1975
  • Norton, Mary Beth, In the Devil’s Snare, Alfred A. Knopf, New York 2002
  • O’Brien, Michael J., Pioneer Irish in New England, 1937, 1998 (athchló).

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]