Angeline Stickney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAngeline Stickney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Chloe Angeline Stickney
1 Samhain 1830
Bás3 Iúil 1892
61 bliana d'aois
North Andover, Massachusetts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síNew-York Central College, McGrawville (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic
Gairmmatamaiticeoir, gníomhaí ar son cearta vótála Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileAsaph Hall (1856–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePercival Hall, Asaph Hall, Jr. Cuir in eagar ar Wikidata

Sufraigí, daonuasclóir agus matamaiticeoir Meiriceánach ba ea Chloe Angeline Stickney Hall (1 Samhain 18303 Iúil 1892). Bhí sí pósta ar Asaph Hall, réalteolaí. Níor bhac sí lena céad ainm agus mar sin aithníodh í mar Angeline Stickney, agus ní ba dhéanaí mar Angeline Stickney Hall.

Rugadh Angeline do Theophilus Stickney agus Electa Cook. Bocht agus a bhí an teaghlach, d'éirigh le Angeline freastal ar ranganna ag Central College in McGraw, New York le cuidiú óna deirfiúr Ruth agus hobair múinteoireachta a rinne sí ar an gcoláiste céanna. Rinne sí staidéar ar an eolaíocht agus ar an matamaitic, calcalas agus matamaitic na réalteolaíochta san áireamh. Scoil fhorásach a bhí in Central College ina raibh mic léinn ar bheagán acmhainn, mná agus Afrai-Mheiriceánaigh ábalta céimeanna tríú leibhéil. Thosaigh Angeline ag cur an-suime sa sufraigíochas agus cealú na sclábhaíochta agus í ar an gcoláiste.

Ba ar Central College a casadh Angeline Stickney agus Asaph Hall ar a chéile. Bhí Stickney dhá bhliain chun tosaigh ar Hall.[1] Ise teagascóir Hall i gcéimseata agus i nGearmáinis.[2] Bhíodh sé mar nós ag Hall agus a chomrádaithe sa choláiste ceisteanna agus fadhbanna a chumadh a bhainfeadh tuisle as Stickney ach theip orthu i gcónaí.[3]

Phós Stickney agus Hall in Elkhorn, Wisconsin ar 31 Márta, 1856, agus go díreach ina dhiaidh sin thug an lánúin aghaidh ar Ann Arbor, Michigan chun go mbeadh Hall ábalta leanúint dá chuid staidéar. Ráithe eile agus an téarma acadúil thart, chuir siad fúthu in Shalersville, Ohio.[2]

An teach ina raibh Stickney ina cónaí in Georgetown, comharsanacht de chuid Washington, D.C.

Spreag sí Hall dul ar aghaidh ag cuardach satailítí Mharsa nuair a bhí seisean ar tí tabhairt suas, agus d'éirigh leis teacht ar Phobos agus Deimos.[4]

Fuair sí bás in aois a 61 bliana ar 3 Iúil 1892 in North Andover, Massachusetts. Ainmníodh an cráitéar is mó ar Phobos, Cráitéar Stickney ina diaidh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dick, Steven J. (2003-01-01). Sky and Ocean Joined: The US Naval Observatory 1830-2000. Cambridge University Press. ISBN 9780521815994.
  2. 2.0 2.1 Whitesell, Patricia S.. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Journal of Astronomical History and Heritage 6 (2): 69–106. Dáta rochtana: 19 May 2014. 
  3. "Famous wife Hall". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-26. Dáta rochtana: 2017-01-03.
  4. Rothery, David A. (2015-11-26). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (as en). Oxford University Press.