Andraiginí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhair cheimiceacha, gnéashormóin stéaróideacha de ghnáth, a ionduchtaíonn airíonna fireanna. Sa bhfear, táltar an andraigin téististéarón sna húiríocha i gcealla Leydig, agus tálann an choirtéis aidréineach oiread beag eile andraigine. Is féidir leis na spriocorgáin, cosúil leis an bhfaireog phróstatach, an téisistéarón a athrú go dtí déhidritéisistéarón atá níos cumasaí fós. Tá gá leis na handraiginí i bhforbairt na mbaill ghiniúna fhireanna sa bhféatas. Le linn an chaithreachais cabhraíonn siad le forbairt airíonna tánaisteacha gnéasacha (fás an phéinis is na n-uiríocha, teacht chun cinn na gruaige púbasaí, aghaidhe is colainne, méadú i neart na matán, is ísliú an ghutha). Sa duine fásta, tá gá leo i dtáirgeadh na speirmeacha is coinneáil an libídeo. Bíonn oiread beag andraiginí ubhagánacha is aidréineacha i láthair sa bhean: is dócha go mbíonn siad freagrach as an rothag fáis a tharlaíonn do chailíní ógánta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Andraiginí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 39.