Cealla Leydig
Appearance
Cealla eincríneacha a fhaightear in uirí an veirteabraigh, agus gá leo i gcomhair na speirmeacha a chruthú is na tréithe fireanna tánaisteacha gnéasacha a fhorbairt is a choinneáil. Tugtar cealla scáineacha orthu freisin. Suite idir na feadáin iompartha seamhain. Is é téististéarón an príomh-hormón a thálann siad, ar andraigin chumasach é, agus athraíonn a spriocorgáin é chuig hormón níos cumasaí fós, déhidritéististéarón.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cealla Leydig". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 408.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |