Anacanda
Appearance
Eunectes | |
---|---|
Eunectes murinus | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Squamata |
Fine | Boidae |
Fofhine | Boinae |
Géineas | Eunectes Wagler, 1830 |
Anacandaí[1] a thugtar ar na ceithre speiceas nathracha sa ghéineas Eunectes, buachrapairí ó Mheiriceá Theas. Orthu sin tá an t-anacanda glas (Eunectes murinus), an nathair is mó ar Domhan. Is féidir leis a bheith níos mó ná 11 m ar fhad agus os cionn 500 kg meáchain. Dath neamhlonrach air le spotaí móra neamhrialta dorcha. Áitríonn sé uisce a ghluaiseann go mall. Uaireanta, dreapann sé crainn ísle. Itheann sé éin, mamaigh, cadhmain is turtair.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““anacanda” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anacanda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 36.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |