An tSiricis
Cuma
| ܠܫܢܐ ܣܘܪܝܝܐ | |
|---|---|
| Cineál | teanga nádúrtha, teanga naofa agus teanga stairiúil |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 575,000 |
| Dúchasach do | Şanlıurfa |
| Stáit | an Tuirc |
| Comhordanáidí | 37° 03′ N, 41° 15′ E / 37.05°N,41.25°E |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Afra-Áiseacha teangacha Seimíteacha West Semitic (en) Central Semitic (en) Northwest Semitic (en) an Aramais | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | Syriac alphabet (en) |
| Staidéar ag | Syriac studies (en) |
| Cóid | |
| ISO 639-2 | syc |
| ISO 639-3 | syc |
| Glottolog | clas1252 |
| Ethnologue | syc |
| IETF | syc |
Canúint de chuid na hAramaise is ea an tSiricis a bhí á labhairt ar fud an Chorráin Mhéith, tráth. Bhí an tSiricis Chlasaiceach á saothrú mar theanga liteartha ón 4ú go dtí an 8ú haois, agus í ina teanga thábhachtach ag na luath-Chríostaithe sa scríbhneoireacht chráifeach agus sna haistriúcháin ar an mBíobla, Chuaigh an tSiricis a fhad leis an India agus le hiarthar na Síne mar theanga Chríostaí. Ghéill an tSiricis don Araibis ón ochtú haois ar aghaidh, ach má ghéill féin, d’fhág sí a lorg ar chaighdeán scríofa na hAraibise. Is í an aibítir a úsáideann an teanga seo ná an aibítir Shiriceach, agus í bunaithe ar an aibítir Aramach.
Inniu féin, tá eaglaisí beaga Críostaí san Áise a shaothraíonn an tSiricis mar theanga naofa.
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Siricis.