IRA Oifigiúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An tIRA Oifigiúil)
Bosca Sonraí EagraíochtaIRA Oifigiúil
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálparaimíleatach (1969–1972) Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaMarxachas
Éire Aontaithe
Poblachtánachas in Éirinn
frithimpiriúlachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhNollaig 1969
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilteBealtaine 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Eagraíocht pharaimíleata phoblachtánach in Éirinn ba ea an tIRA Oifigiúil (Official Irish Republican Army). Seo an chuid den IRA a fágadh nuair a scoilt an eagraíocht sa bhliain 1969, agus cruthaíodh an tIRA Sealadach. De réir dealraimh, d'éirigh an grúpa seo as an ngleic armtha, nó roghnaigh an ceannaire, Cathal Goulding, dul le polaitíocht.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an tIRA Oifigiúil ar an bhfód sa bhliain 1969. Bhí an Ceann Foirne ag an am sin, Cathal Goulding an-ghníomhach ag iarraidh idé-eolaíocht na heite chlé a scaipeadh i measc an IRA sna seascaidí. Ní raibh sé sásta leis an dóigh a raibh an tIRA ag staonadh ón saol polaitíochta, agus chuaigh sé i dtuilleamaí an Mharxachais leis na Trioblóidí a anailísiú. Bhí sé inbharúla go raibh an stát Gallda d'aon turas ag scaradh an lucht oibre Caitliceach agus Protastúnach ó chéile tríd an seicteachas a chothú ina measc, ionas nach gcuirfidís le chéile lena bhfíor-dhúshaothróirí buirgéiseacha a chur ó chumhacht.

Dhiúltaigh an chuid ba mhó den IRA an anailís seo go hiomlán. Chuir siadsan an tIRA Sealadach ar bun sa bhliain 1969 agus mar sin, tháinig scoilt ar an IRA.

Lean Goulding leis ina Cheann Foirne ar an IRA Oifigiúil go dtí an bhliain 1972. Ar dtús, bhí "na hOifigiúlaigh", chomh maith leis na Sealadaigh, ag cur catha ar na Sasanaigh agus ar na Dílseoirí. Ach bhí Goulding den tuairim nach raibh an ghleic armáilte ach ag cur le scoilt an lucht oibre.

I bhfianaise an tsamhnais a chuir marú saighdiúra Shasanaigh i nDoire agus buamáil na mbeairicí in Aldershot ar an saol mór, d'fhógair an tIRA Oifigiúil sos cogaidh ar 30 Bealtaine 1972.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "1972: Official IRA declares ceasefire" (en-GB) (1972-05-30). Dáta rochtana: 2022-02-22.