An Turlach Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Turlach Mór

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°22′29″N 8°51′53″W / 53.3747°N 8.8647°W / 53.3747; -8.8647
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde26 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1166859

Is paróiste agus sráidbhaile é an Turlach Mór[1] (a dtugtar Leacach air freisin) (Turloughmore as Béarla) in Achréidh na Gaillimhe (lastoir den chathair) in Éirinn. Tá an turlach (nó loch) ina chuid d'Abhainn an Chláir anois.

Tá dhá stáisiún peitril agus trí theach tábhairne sa sráidbhaile, in éineacht le bunáit busanna. Tá sé suite ar an N63, bóthar náisiúnta den dara grád.

Is iad na ceantair máguaird Baile Átha an Rí, an Carn Mór (Baile Chláir na Gaillimhe), Muine Mheá (Mainistir Chnoc Muaidhe) agus Cora Fine.

Tá iomrá leis an Turlach i ngeall ar an iománaíocht agus ocht dteideal gnóthaithe ag an gclub áitiúil. Bhí cáil ar an bparóiste tráth de bharr aonach mór capall (agus de bharr círéibeanna faicsin san 19ú haois). Ar imeall chathair na Gaillimhe atá sé anois, agus méadú ag teacht ar an daonra agus ar an bhfostaíocht le timpeall deich mbliana anuas.

In aice leis an Turlach Mór a tharla Cath Chnoc Tua, troid fhuilteach a thit amach sa bhliain 1504. Deir Annála Ríochta Éireann go ndearna Uilleag de Búrca trí chaisleán de chuid Mhaoilseachlainn Uí Cheallaigh (Garbhdhoire, Muine an Mheá agus Gallach) a bhriseadh. Rinne an Ceallach gearán le Gearóid Mór Mac Gearailt, Iarla Chill Dara agus Fear Ionaid an Rí.[2] Chuaigh fórsaí an Iarla agus arm Mhic Uilleam Clainne Riocaird (páirtí Bhúrcaigh an iarthair) i gcath ag Cnoc Tua, agus deirtear gur fágadh an áit ina cosair chró le hiliomad "na sciath arna scoilteadh, na gclaimhte catha arna mbloghadh, na gcolann ciorraithe crosbhuailte", go háirithe láimh le hAbhainn an Chláir i mbaile fearainn Bhaile Uí Bhróin. An Gearailteach agus a chairde a bhain an cath úd.[3][4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Turlach Mór/Turloughmore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Annála Ríochta Éireann, M1504.13: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
  3. Annála Ríochta Éireann, M1504.14: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
  4. McCollough (eag.), Wars of the Irish Kings, lgh 239-244.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Blackmore,Liz, John Cronin, Donal Ferrie agus Bríd Higgins (eag.), 2001. In Their Own Words: The Parish of Lackagh-Turloughmore and its People. Galway. ISBN 0 9539834 04
  • McCollough, David W. (eag.), 2000. Wars of the Irish Kings: A Thousand Years of Struggle, from the Age of Myth through the Reign of Queen Elizabeth 1. Crown Publishing Group. ISBN-13: 9781402895623 / ISBN 1-4028-9562-3

Nasc Eachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]