Jump to content

An Túvais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Túvais
Тыва дыл agus Tyva dyl
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais297,000 (2010)
Dúchasach doTúva agus Tuvans (en) Aistrigh
Stáitan Mhongóil, an Rúis agus Daon-Phoblacht na Síne
Comhordanáidí51° 47′ N, 94° 45′ E / 51.78°N,94.75°E / 51.78; 94.75
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Tuircice
Common Turkic (en) Aistrigh
Siberian Turkic (en) Aistrigh
Sayan (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach, aibítir Laidineach agus Tuvan alphabet (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-2tyv
ISO 639-3tyv
Glottologtuvi1240
Ethnologuetyv Cuir in eagar ar Wikidata
UNESCO1234 Cuir in eagar ar Wikidata
IETFtyv Cuir in eagar ar Wikidata
Endangered languages7309 Cuir in eagar ar Wikidata

Teanga Tuircice is ea an Túvais. Tá an teanga á labhairt i dTúva na Rúise, taobh thuaidh den Mhongóil. Thairis sin, tá canúintí Túvaise á labhairt ag dreamanna beaga sa Mhongóil agus sa tSín. Tá sí ó dhúchas ag 200,000 duine, a bheag nó a mhór, agus í ina teanga oifigiúil i dTúva chomh maith leis an Rúisis. Níl sí ina teanga scríofa ach ón mbliain 1930, nó roimhe sin, ba nós le muintir Thúva a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán na Mongóilise.

Murab ionann agus na teangacha Tuircice eile, ní bhfuair an Túvais mórán focal ar iasacht ón Araibis ná ón bPeirsis. Ní raibh na Túvaigh riamh ina Moslamaigh, nó is iad an Búdachas agus an Seamanachas reiligiúin thraidisiúnta na dTúvach. Fuair siad an Búdachas ón Tibéid tríd an Mongóil, agus mar sin, bhí an Mhongóilis an-tábhachtach mar fhoinse focal iasachta. Le déanaí, is iomaí téarma Rúisise a chuaigh in úsáid sa Túvais, go háirithe sa téarmaíocht nua-aimseartha.