An Phoblacht (dialóg)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Phoblacht
(grc) Πολιτεία Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPlatón Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan tSean-Ghréigis Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánAn tSean-Ghréig
Dáta a bunaíodh370í "RCh"
Tréith
Príomhábharfealsúnacht pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Seánradialóg Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaAn Aithin Chlasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
agallamh Platónach Cuir in eagar ar Wikidata

Is leabhar cáiliúil le Platón é An Phoblacht (Gréigis: Πολιτεία) a bhaineann le cúrsaí fealsúnachta agus polaitíochta. Scríobhadh é timpeall 390 RC.

Forbhreathnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é An Phoblacht an saothar is mó de chuid Platóin agus tá sé i gcruth agallaimh. Is í samhail na huaimhe, samhail chailiúil a úsáideadh. Sa chur síos seo, tá príosúnaigh gafa in uaimh agus níl solas an lae ag teacht isteach chucu. Déanann siad dearmad ar an uair nach raibh siad ina bpríosúnaigh. Sroicheann siad an chéim nach bhfuil eolas níos fearr acu agus go síleann siad gur gnáthrud é seo. Bíonn scáileanna de chruthanna le feiceáil os comhair na bpríosúnach. Ní fheiceann siad na fíor-rudaí is cúis leis na scáileanna, áfach. Pléann siad na híomhánna agus ainmníonn siad iad, cé gur scáileanna amháin atá sa "réaltacht" sin. Tá na príosúnaigh sásta lena saol mar ní féidir leo aon ní eile níos fearr a shamhlú. Éalaíonn príosúnach ón uaimh, téann amach faoi sholas an lae agus féachann ar an bhfíor-áilleacht. Tagann sé ar ais chun na bpríosúnach eile tar éis tamaill, agus míníonn cad a chonaic sé dóibh. Níl siad in ann glacadh leis an eolas sin, áfach, mar go bhfuil a chuid smaointe bunaithe go hiomlán ar a gcuid gnásanna féin. Tá na príosúnaigh eile níos compordaí leis an domhan a bhfuil taithí acu air cheana féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]