An Mhuiríoch
An Mhuiríoch | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chiarraí | |||
Logainm.ie | 22687 |
Sráidbhaile beag scaipthe tuaithe is ea an Mhuiríoch[1] i nGaeltacht Chontae Chiarraí in Éirinn.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Mhuiríoch suite ar imeall thoir Chuan Ard na Caithne, i dtírdhreach dhroimneach ar ardluach i nGaeltacht Chontae Chiarraí. Tá fána réidh leis an talamh ón taobh thoir i dtreo na trá thiar. Tá an lonnaíocht suite ciliméadar ó Bhaile na nGall agus tá sé nasctha go feidhmeach le Baile na nGall agus leis an mBóthar Buí. Tá an Mhuiríoch suite naoi chiliméadar siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chiúis ar Bhealach Cheann Sléibhe R559 – bóthar tábhachtach turasóireachta atá ann.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuid de thoghroinn ceantair Chill Maoilchéadair is ea an Mhuiríoch. Bhí 511 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006.
Feidhmeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ionad beag comhtheagmhála áitiúil don phobal tuaithe máguaird is ea an sráidbhaile. Tá scoil náisiúnta, halla pobail, siopa, cúirt leadóige atá as úsáid, agus faichí peile agus clubtheach de chuid An Ghaeltacht, CLG, ann. Ní féidir a rá go ngabhann an trácht turasóireachta ar Bhealach Cheann Sléibhe, ná an trá bhreá féin, chun leasa na lonnaíochta mórán. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl sa halla pobail le linn an tsamhraidh. Faoi mar a tharlaíonn in áiteanna eile sa cheantar, foinse thábhachtach ioncaim is ea an t-iostas a sholáthraíonn teaghlaigh le haghaidh na scoláirí seo.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Iarthar Dhuibhneach Curtha i gcartlann 2009-03-10 ar an Wayback Machine
- ↑ “An Mhuiríoch/Murreagh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.