An Foclóir Aiteach
Cineál | foclóir dátheangach |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge agus Béarla |
Foilseachán | 2018 |
Is foclóir Béarla-Gaeilge é An Foclóir Aiteach ina bhfuil focail, téarmaí, agus nathanna a bhaineann leis an aiteachas agus an leis an bpobal aiteach. Tionscnaíodh an togra in 2017 agus seoladh an chéad eagrán den fhoclóir ar 21 Márta 2018 in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath[1]. Rinneadh athbhreithniú ar an bhfoclóir in 2021 agus seoladh an dara heagrán i mí na Samhna 2022 i nGaillimh. Ba í Laoighseach Ní Choisdealbha, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, a chuir tús leis an togra agus chuir an scoláire Tadhg Mac Eoghain go mór leis an dara heagrán[2]. Ba é príomhsprioc an fhoclóra bailiúchán téarmaíochta a chur i dtoll a chéile ionas go mbeadh “achan duine in ann iad féin a aithint i dteanga ar bith”[3].
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]An chéad eagrán (2018)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Comhthogra idir Aontas na Mac Léinn in Éirinn, BelongTo agus an Transgender Equality Network of Ireland (TENI) a bhí i gcéad eagrán An Fhoclóra Aitigh. Bhí seacht leathanach sa chéad eagrán agus liostaí dátheangacha téarmaí, focal, agus nathanna in ord aibítre ann. Dúirt Ní Choisdealbha go raibh sí féin aineolach ar chúrsaí foclóireachta nuair thosaigh sí ag obair ar an gcáipéis agus gur fhoilsigh sí é "ar son na feachtasaíochta" seachas "saothar acadúil". D'eascair An Foclóir Aiteach as an tuairim "nach raibh an téarmaíocht ag an bpobal LADT in Éirinn le cur síos ar a saol féin ina dteanga féin.
Foilsíodh cóipeanna crua den chéad eagrán in 2018 agus bhí leagan de ar fáil ar líne ag an am céanna. Ba é an plean a bhí ag na heagraíochtaí a d'fhoilsigh go gcuirfí leis de réir a chéile a fhad is a bhí coincheapa agus téarmaí nua ag teacht chun cinn sa saol aiteach. Cuireadh roinnt téarmaí, focail, agus nathanna a bhí in úsáid ag an bpobal aiteach san fhoclóir ach cumadh go leor de na haistriúcháin as a nua go speisialta don fhoilseachán.
Ina léirmheas ar An bhFoclóir Aiteach a foilsíodh ar NÓS dúirt an t-acadóir aerach Seán Mac Risteaird “nár tugadh cúram do chruinneas na Gaeilge” sa leabhar agus gur léir nach ndeachthas i gcomhairle leis “an aos acadúil ná le saineolaithe atá ag obair trí mheán na Gaeilge ar dhioscúrsaí aiteacha”[4]. Dúirt Ní Choisdealbha go raibh "aiféala" uirthi nach ndearna sí níos mó taighde faoin téarmeolaíocht agus faoin bhfoclóireacht sular chuir sí an chéad eagrán amach agus nach ndeachaigh sí i dteagmháil leis na heagrais a bhí ag plé leis na cúrsaí sin[5]. Dúirt sí freisin go raibh aiféala uirthi mar dhuine nach ball den phobal LADT í nár "sheas sí siar" agus na téarmaí á gcumadh. Sa deireadh beartaíodh athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an bhfoclóir sa bhliain 2021 agus cur leis go mór.
An dara heagrán (2022)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh athbhreithniú ar An bhFoclóir Aiteach in 2021 le "botúin litrithe agus ghramadaí a cheartú" agus "líon na n-iontrálacha a mhéadú" sa chéad eagrán eile. Scoláire in Ollscoil Mhá Nuad darbh ainm Tadhg Mac Eoghain a rinne an t-athbhreithniú mar chuid dá chéim máistreachta. Dúirt Mac Eoghain gurbh é an rud ba thábhachtaí dósan na botúin chló agus earráidí eile atá sa chéad eagrán a ghlanadh.
Leagadh béim níos mó ar bhunphrionsabail na foclóireachta agus chuathas i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta agus an dara heagrán á réiteach. Ghlac an Coiste Téarmaíochta le 60 téarma nua a mhol Mac Eoghain agus cuireadh san áireamh iad sin san fhoclóir.
Foclóir dátheangach Béarla-Gaeilge a bhí sa chéad eagrán ach nuair a bhíothas ag réiteach an dara heagráin beartaíodh sainmhínithe Gaeilge agus Béarla a chur leis na focail, téarmaí, agus nathanna le go dtuigfí i gceart iad. Seoladh an dara heagrán den fhoclóir i gcathair na Gaillimhe i mí na Samhna 2022.
Cáipéis 33 leathanach atá sa dara heagrán, agus réamhráite ann ó Laoighseach Ní Choisdealbha agus Tadhg Mac Eoghain. Tá 25 leathanach ann i gcorp an fhoclóra agus leathanach amháin ar a bhfuil nóta faoi fhorainmneacha i nGaeilge.
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://nos.ie/saol/craiceann/focloir-ladt-le-seoladh-in-dcu-inniu/
- ↑ https://nos.ie/cultur/leabhair/an-dara-heagran-de-an-focloir-aiteach-a-reiteach/
- ↑ https://usi.ie/wp-content/uploads/2018/03/AN-FOCL%C3%93IR-AITEACH.pdf
- ↑ https://nos.ie/saol/craiceann/spas-nua-culturtha-doibh-siud-ata-ar-imeall-an-imill/
- ↑ https://usi.ie/an-focloir-aiteach-the-queer-dictionary-2nd-edition/