Laoighseach Ní Choistealbha
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
| Áit chónaithe | Gaillimh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file |
Gradam a fuarthas
| |
File agus scoláire í Laoighseach Ní Choistealbha a rugadh in 1994 agus a tógadh i gceantar an Lagáin in Oirthear Dhún na nGall. Tá cónaí uirthi i nGaeltacht Chonamara ó 2012. Tá duaiseanna éagsúla buaite aici dá cuid filíochta. Tá dánta foilsithe aici i bhfoilseacháin éagsúla thar na blianta (Éigse Éireann, An Capall Dorcha, Comhar, Aneas agus HOWL, srl.). Is é Solas Geimhridh agus Dánta Eile (Barzaz, 2023) an chéad chnuasach uaithi agus tháinig Mainistir na Feola (Barzaz, 2025) amach in 2025.
Ghnóthaigh sí Corn Uí Néill sa bhliain 2023 lena dán "I gcuimhne oileánaigh".[1]
Tá saineolas aici ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge, ábhar ar bronnadh PhD uirthi ina leith in 2025.
Tá sí ag obair ar dhá chnuasach eile faoi láthair[cathain?]: Éiric na Seirce (athinsint ar an téacs 'Comracc Líadaine ocus Cuirithir' ón 9ú haois) agus Baile an Eibhir (a dhíríonn ar shaol na Gaeltachta sa lá atá inniu ann ó pheirspictíocht 'An Strainséara"). Ceapadh í ina Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2025 freisin agus bhí sí ina comheagarthóir ar an iris úr filíochta An Dearcán arbh í féin a bhunaigh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Buaiteoir Chorn Uí Néill 2023 fógartha". Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge (26 Bealtaine 2023). Dáta rochtana: 2026-06-03.