An Cnoc Buí, Contae na Gaillimhe (Iorras Aithneach)
Cuma
An Cnoc Buí, Contae na Gaillimhe | ||||
---|---|---|---|---|
An Cnoc Buí (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Toghroinn | An Cnoc Buí | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Logainm.ie | 18271 |
Baile fearainn in Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe is ea An Cnoc Buí[1], thart ar míle ó thuaidh de shráidbhaile Charna agus ó dheas de Ghlinsce. Is talamh portaigh é an chuid is mó den bhaile fearainn, cé go bhfuil cosán siúlóide tríd an bportach[2], chomh maith le foraois a chuir Bord na gCeantar Cúng ag fás ag deireadh na 19ú haoise.[3] Gabhann an bóthar R340 ó thuaidh agus ó dheas trí oirthear an bhaile fearainn.
Tugtar An Cnoc Buí ar an toghroinn a chlúdaíonn an taobh thiar d'Iorras Aithneach freisin. Tá an baile fearainn laistigh den toghroinn seo, ar ndóigh, chomh maith roinnt bailte fearainn eile, An Coillín, Glinsce, Maínis, agus An Más san áireamh.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Cnoc Buí/Knockboy | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Carna Bog Road".
- ↑ Tim Robinson (2002). "Camchuairt Chonamara Theas" (as ga): 53. Coiscéim.