An Ché Adhmaid
Cuma
An Ché Adhmaid | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Cathair mhór | Baile Átha Cliath | |||
Logainm.ie | 1381037 |
Is ceantar i gContae Bhaile Átha Cliath é an Ché Adhmaid[1] (Wood Quay sa Bhéarla) nó Cé an Adhmaid ar uairibh.
Aimsíodh ceann de na suímh Lochlannacha is tábhachtaí ar domhan i rith tochailtí a rinneadh ag Cé an Adhmaid sna 1970idí. Thángthas ar bhaile mór a raibh breis is 200 foirgneamh ann, mar aon le céanna agus cuid de bhallaí bunaidh na cathrach. Chomh maith leis sin, fuarthas na mílte déantán, arm, earra criaga agus píosaí miotalóireachta. Chabhraigh fionnachtain na ndéantán sin le seandálaithe teacht ar thuiscint níos fearr ar an gcineál saoil a chaith na Lochlannaigh i mBaile Átha Cliath i rith na Meánaoiseanna.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Ché Adhmaid/Wood Quay | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-23.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |