An Aird Mhóir
Cuma
An Aird Mhóir | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Logainm.ie | 18387 |
Baile fearainn in Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe idir Cill Chiaráin agus Carna is ea An Aird Mhóir.[1][2] Tá clú agus cáil ar an áit as an gceol traidisiúnta agus as an amhránaíocht sean-nóis. Shocraigh an scéalaí mór le rá Éamon a Búrc síos san Aird Mhóir nuair a d'fhill ar Éirinn ag deireadh na 19ú haois.[3] Is de bhunadh na hAirde Móire é an t-iarSheanadóir Trevor Ó Clochartaigh.[4]
Tógadh Cé na hAirde Móire timpeall 1880[5], agus tugtar “Trá na hAille” ar an trá ó thuaidh den ché.[6]
Luaigh an cartagrafaí Tim Robinson roinnt logainmneacha eile sa mbaile fearainn seo ar léarscáil Chonamara a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1990:[7]
- Aill na bhFreangach: aill thart ar cheathrú míle ó dheas den ché
- Na Treana
- Scailp na gCat
- Cuan an Chaithlín
- Loch na Sáinneach: loch beag ar an teorainn le Caladh Mhaínse
- Loch na Buaile Bige: loch beag taobh thoir theas de Loch na Sáinneach
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Físeán: Amhrán na hAirde Móire
- Agallamh ar RTÉ le Máirtín Ó Flatharta as an Aird Mhór
- Bailiúchán na Scol: “Árd Mhór”
- Cúla 4 ag Scoil Náisiúnta na hAirde Móire[nasc briste go buan]
- Bailiúchán Digiteach OÉ Gaillimh Curtha i gcartlann 2016-12-15 ar an Wayback Machine
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Aird Mhóir/Ardmore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "An Aird Mhóir/Ardmore — logainm.ie".
- ↑ "DE BÚRC, Éamon (1866–1942) — ainm.ie".
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (2020-12-29). "Tugann iris Iorras Aithneach ardú croí do na daoine". Dáta rochtana: 2022-06-20.
- ↑ "Ardmore Quay, ARDMORE (MOYRUS PH), GALWAY — Buildings of Ireland".
- ↑ Tim Robinson (1990). "Connemara, Part 1: Introduction and Gazetteer" (as Béarla): 86. Folding Landscapes.
- ↑ Tim Robinson (1990). "Connemara, Part 1: Introduction and Gazetteer" (as Béarla): 86–87. Folding Landscapes.