Alternative für Deutschland
Páirtí polaitíochta sa Ghearmáin is ea an Alternative für Deutschland, no AfD (nó an "Rogha Eile don Ghearmáin"), atá i bhfad amach ar an eite dheis. Is in oirthear na tíre is mó atá tacaíocht don AfD.
Tá an AfD go láidir i gcoinne na hinimirce, agus go mór ar thaobh na Rúise. Ach, spéisiúil go leor, tá bean i gceannas orthu, Alice Weidel, agus caidreamh fadtéarmach aici le bean - Sarah Bossard - de shliocht Shrí Lanca.[1]


Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, dúirt ceannaire an pháirtí phobalaigh go neamhbhalbh gur cheart don Ghearmáin an tAontas Eorpach a fhágáil mura ndéantar cumhachtaí an Choimisiúin a shrianadh.[2]
I mí na Samhna 2023, ghlac baill thábhachtacha den AfD páirt i gcruinniú in Potsdam, áit ar pléadh beart chun inimircigh agus fiú saoránaigh na Gearmáine “nach ngéilleann don chultúr ceannais” a bhogadh as an tír. Eagraíodh léirsithe móra ar fud na tíre nuair a fuarthas amach faoin gcruinniú sin i bPotsdam.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtoghchán na bliana 2013, fuair an AfD 4.7% den vóta. Ar 24 Meán Fómhair 2017 in olltoghchán na Gearmáine, fuair AfD (Alternative für Deutschland) 13% de vóta na tíre. Tar éis an toghcháin, d'éirigh AfD an dara páirtí is láidre san oirthear.[3]
In 2024, bhí tacaíocht 22% ag an bpáirtí AfD sna pobalbhreitheanna sa Ghearmáin.[2][4]
I dtoghchán na bliana 2025, fuair an AfD 20.4% den vóta, an dara sciar is mó (i ndiaidh CDU/CSU a fuair 29%) méadú mór ón vóta don AfD in 2021 (10.4%), agus a sciar den vóta beagnach dúbailte.[5] Bhí an AfD láidir i measc an aosa óig agus an lucht oibre. In oirthear na Gearmáine, mar a bhíodh roimh athaontú, d'éirigh an AfD ar an bpáirtí is mó i ngach stát agus os cionn 30% acu thall ansin. Ní raibh an páirtí in ann bua níos mó a bhaint amach mar ní raibh an AfD in ann vótaí a mhealladh in iarthar na tíre.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rassemblement National (An Fhrainc)
- Olltoghchán na Gearmáine 2025
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "«Viele Schwule und Lesben möchten einfach ihre Ruhe»" (de). Tages-Anzeiger (2021-09-24). Dáta rochtana: 2025-05-06.
- ↑ 2.0 2.1 Radvan Markus (1 Feabhra 2024). "Tá cúiseanna ar leith gur fiú vóta a chaitheamh i Meitheamh na bliana seo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-03.
- ↑ Diarmuid Johnson (25 Meán Fómhair 2017). "Merkel arís, ach Alternative für Deutschland ag ceiliúradh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-03.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (2 Feabhra 2024). "An eite dheis sa Ghearmáin – ní mar a shíltear a bhítear" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-03.
- ↑ Naucht RTE (2025-02-23). "Merz chun cinn sa Ghearmáin más fíor na figiúirí" (as ga-IE).
- ↑ Cuan Ó Seireadáin (25 Feabhra 2025). "Cúpla bliain chrua agus cúpla rogha dheacair i ndán don Ghearmáin i ndiaidh an olltoghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-06.