Jump to content

Alice Weidel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlice Weidel

(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Alice Elisabeth Weidel Cuir in eagar ar Wikidata
6 Feabhra 1979
46 bliana d'aois
Gütersloh, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Bhundestag na Gearmáine
25 Márta 2025 –
Téarma parlaiminte: 21st German Bundestag (en) Aistrigh
Ball de Bhundestag na Gearmáine
26 Deireadh Fómhair 2021 –
Téarma parlaiminte: 20th German Bundestag (en) Aistrigh


Ball de Bhundestag na Gearmáine
24 Deireadh Fómhair 2017 – 26 Deireadh Fómhair 2021
Téarma parlaiminte: 19th German Bundestag (en) Aistrigh

Toghcheantar: Bodensee

Parliamentary group leader (en) Aistrigh
28 Meán Fómhair 2017 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bayreuth - Business Economics (en) Aistrigh, general economics (en) Aistrigh (–2004)
Ollscoil Bayreuth - eolaíocht pholaitiúil (–2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilDas Rentensystem der Volksrepublik China (2011 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaPeter Oberender
Áit chónaitheÜberlingen
Harsewinkel
Beirlín
Einsiedeln
Daon-Phoblacht na Síne
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir (2013–), comhairleoir gnó, scríbhneoir neamhfhicsin, eacnamaí, bainisteoir gnó Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAllianz Global Investors (2011–2013)
Goldman Sachs (2005–2006)
Heristo
Rocket Internet SE (en) Aistrigh, sainchomhairleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAlternative für Deutschland (2013–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis, Béarla agus an Mhandairínis
Ghlac sé/sí páirt i
7 Nollaig 2016Maischberger
16 Márta 2016Maischberger
Fondúireacht Konrad Adenauer Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáirtíSarah Bossard Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaHans Weidel (seanathair athartha) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinalice-weidel.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm9298651 TMDB.org: 2620097
Facebook: aliceweidel X: Alice_Weidel Instagram: alice.weidel Threads: alice.weidel LinkedIn: alice-weidel-215a8b83 Youtube: UCT0wo1uc6G3UTuM_MiacA9g TikTok: alice_weidel_afd Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Gearmánach í Alice Elisabeth Weidel (a rugadh 6 Feabhra 1979) atá ag feidhmiú mar chomhchathaoirleach ar pháirtí na heite deise Alternative für Deutschland (AfD) taobh le Tino Chrupalla ó mhí an Mheithimh 2022.[1]

Bhain Weidel céim amach san eacnamaíocht agus sa ghnó ó Ollscoil Bayreuth, agus rinne sí staidéar ar an gcóras pinsin sa tSín ina tráchtas dochtúireachta .

D'oibrigh sí mar eacnamaí agus comhairleoir bainistíochta, lena n-áirítear sealanna le Goldman Sachs agus Allianz Global Investors.

Rinneadh ball den Bhundestag (MdB) de Weidel i dtoghchán feidearálach 2017, áit a raibh sí mar phríomhiarrthóir an AfD in éineacht le Alexander Gauland. Ó Dheireadh Fómhair 2017, bhí sí ina ceannaire ar an ngrúpa parlaiminteach AfD sa Bundestag.[2]

I dtoghchán feidearálach 2021, d'fheidhmigh sí arís mar phríomh-iarrthóir, in éineacht le Tino Chrupalla. [3]

Ó mhí Feabhra 2020 go dtí Iúil 2022, bhí Weidel ina cathaoirleach ar chomhlachas stáit AfD in Baden-Württemberg. [4]

Thairg Weidel comhoibriú i rialtas do Friedrich Merz (sa CDU) ach dhiúltaigh sé go huile is go hiomlán di.[5] An fhadhb a bhí - agus atá - ag Weidel nach meallann an AfD aon pháirtí eile le comhrialtas a bhunú.[6]

Tá cónaí ar Weidel san Eilvéis, ach deir sí gur fearr léi an Ghearmáin. Tá sí i mbun caidrimh fadtéarmach le bean eile - Sarah Bossard - de shliocht Shrí Lanca.[7][8]

Tá beirt mhac ag Weidel agus Bossard. Tá an lánúin in aghaidh cóireála in vitro agus tá na páistí uchtaithe. Rugadh an mac is sine timpeall na bliana 2012 nó 2013.

Tá an teaghlach ina gcónaí i Einsiedeln san Eilvéis, 66km ó aerfort Zurich, ó 2018 i leith. Bhog an lánúin ansin tar éis do mhac Weidel agus Bossard a bheith faoi chiapadh scoile, nó sin a mhaígh Weidel. Tá an lánúin ag tógáil beirt pháistí le chéile, ag teacht salach ar pholasaí oifigiúil a bpáirtí polaitiúla, an AfD, a chuireann béim ar luachanna traidisiúnta.[9]

Tá na rátaí cánach sa chontae Canton Schwyz, ait a bhfuil Einsiedeln, ar cheann de na cinn is ísle sa tír.

Scríobh Weidel in 2013 gur "Schweine" (muca) iad ceannairí na Gearmáine, agus ‘puipéid bhuaiteoirí an Dara Cogadh Domhanda’.[10]

Tá Weidel go láidir i gcoinne na hinimirce, agus go mór ar thaobh na Rúise agus a dteastaíonn uathu tarraingt amach as an euro – ach, spéisiúil go leor, a bhfuil bean i gceannas orthu a bhfuil caidreamh fadtéarmach aici le bean de shliocht Shrí Lanca – an éireoidh leo sin olltoghchán an lae inniu a bhuachaint?

Deir sí gur chóir tuirbíní gaoithe na tíre a réabadh agus dúirt sí le déanaí gur bhain Hitler leis an eite chlé.[11][12]

  1. "Alice Weidel und Tino Chrupalla zum Führungsduo der AfD gewählt" (de). Deutschlandfunk.
  2. "Germany's AfD party elects Alexander Gauland and Alice Weidel as general election candidates" (en). The Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 April 2017.
  3. "Weidel und Chrupalla zu Spitzenkandidaten der AfD gewählt" (de). Der Spiegel.
  4. "Cóip cartlainne". SWR. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-12-01. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  5. "Germany's Bundestag votes in favor of reforming 'debt brake' – DW – 03/19/2025" (en). dw.com. Dáta rochtana: 2025-05-06.
  6. Naucht RTE (2025-02-23). "Merz chun cinn sa Ghearmáin más fíor na figiúirí" (as ga-IE). 
  7. "«Viele Schwule und Lesben möchten einfach ihre Ruhe»" (de). Tages-Anzeiger (2021-09-24). Dáta rochtana: 2025-05-06.
  8. Cuan Ó Seireadáin (25 Feabhra 2025). "Cúpla bliain chrua agus cúpla rogha dheacair i ndán don Ghearmáin i ndiaidh an olltoghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-06.
  9. Michele Theil (2025-02-24). "All the facts about Germany's far-right AfD leader Alice Weidel and her girlfriend" (en-US). PinkNews | Latest lesbian, gay, bi and trans news | LGBTQ+ news. Dáta rochtana: 2025-05-07.
  10. "AfD-Spitzenkandidatin Alice Weidel: Angebliche Mail mit rassistischen Inhalten" (de). Der Spiegel (2017-09-09). Dáta rochtana: 2025-05-07.
  11. "Alice Weidel, leader of the German far-right: partner of a filmmaker and with two adopted children" (en). ELMUNDOAMERICA (2025-02-24). Dáta rochtana: 2025-05-07.
  12. Cuan Ó Seireadáin (21 Feabhra 2025). "TUAIRISC ÓN nGEARMÁIN: Angst chun tosaigh in Olltoghchán na Gearmáine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-07.