Alasdair III na hAlban
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Alexander III (gd) Alasdair mac Alasdair |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 11 Meán Fómhair 1241 (Féilire Ghréagóra) Rosbrog |
| Bás | 26 Márta 1286 (Féilire Ghréagóra) 44 bliana d'aois Fìobha |
| Siocair bháis | Bás tionóisceach (Titim de chapall) |
| Áit adhlactha | Abaid Dhùn Phàrlain (1286–) |
| Monarc na hAlban | |
| 6 Iúil 1249 – 19 Márta 1286 ← Alasdair II na hAlban – Maighréad, Maighdean na hIorua → | |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Polaitíocht |
| Suíomh oibre | Albain |
| Gairm | monarc |
| Teangacha | Meán-Bhéarla |
| Gairm mhíleata | |
| Coinbhleacht | Cogaí Neamhspleáchas na hAlban |
| Teaghlach | |
| Teaghlach | Ríshliocht Dhún Cailleann (1034–1286) |
| Céile | Margaret Shasana (1251 (Féilire Ghréagóra)–1275) Yolande Dreux (1285 (Féilire Ghréagóra)–1286) |
| Páiste | Maighréad na hAlban ( Alexander, Prionsa na hAlban ( David na hAlban, Prionsa na hAlban ( |
| Athair | Alasdair II na hAlban agus Marie de Coucy |
Bhí Alasdair III (4 Meán Fómhair 1241 - 19 Márta 1286) ina rí na hAlban 1249 - 1286. Ba rí láidir é Alasdair agus bhí a thréimhse ar an gcathaoir ríoga an-síochánta minic go leor. Ag an am sin, bhí tionchar láidir Ceilteach in Albain fós agus ceangal le Sasana mar go raibh iníon rí Shasana - Éadbhard I - an banphrionsa Máiréad, ag Alasdair mar bhean. Thosaigh cúrsaí ag éirí níos measa tar éis do bhean agus mhac Alasdair bás a fháil i ngearr aimsire. D'fhág sé seo Rí na hAlban gan mac chun é a leanúint agus é cúig bliana is daichead d'aois.
Phós sé arís ag Mainistir Jedburgh le bean óg bhreá darb ainm Yolande a Dreux. Ar an dara lá dhéag de Mhárta 1286, fuair an Rí Alasdair bás. Bhí sé ag filleadh ó Chaisleán Dhún Éideann go Ceann Gronna, áit a raibh a bhean. Cé gur iarr na huaisle agus na triatha a bhí in éineacht leis fanacht le haimsir níos fearr ar maidin, níor éist sé leo. Chaill sé a chuideachta sa dorchadas agus an mhaidin dár gcionn d'aimsíodar a chorp ag bun aille. D'fhág sé seo Albain gan rí agus rinne Éadbhard a sheacht ndícheall smacht a fháil ar Albain agus is mar sin cuireadh tús le tréimhse argain agus comhraic idir an dá ríocht.