Alain Bombard
Appearance
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Deireadh Fómhair 1924 Páras, An Fhrainc |
Bás | 19 Iúil 2005 80 bliana d'aois Toulon, An Fhrainc |
Áit adhlactha | Bandol |
Feisire de Pharlaimint na hEorpa | |
Ina hionadaí do: An Páirtí Sóisialach 25 Iúil 1989 – 18 Iúil 1994 Téarma parlaiminte: Tríú Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: An Fhrainc Toghadh i: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1989 | |
Feisire de Pharlaimint na hEorpa | |
Ina hionadaí do: An Páirtí Sóisialach 24 Iúil 1984 – 24 Iúil 1989 Téarma parlaiminte: Dara Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: An Fhrainc Toghadh i: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1984 | |
Feisire de Pharlaimint na hEorpa | |
Ina hionadaí do: An Páirtí Sóisialach 1 Meán Fómhair 1981 – 23 Iúil 1984 Téarma parlaiminte: Céad Pharlaimint na hEorpa Toghcheantar: An Fhrainc | |
Secretary of State (en) | |
Ina hionadaí do: An Páirtí Sóisialach 22 Bealtaine 1981 – 23 Meitheamh 1981 Ball de chomh-aireacht: Mauroy cabinet (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | École alsacienne Lycée Henri-IV |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Strasbourg An Bhruiséil |
Gairm | polaiteoir, dochtúir leighis, bitheolaí |
Fostóir | Musée océanographique de Monaco (en) |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Sóisialach |
Teangacha | An Fhraincis |
Gradam a fuarthas
|
Lia is eolaí muirí a rugadh i bPáras ab ea Alain Louis Bombard (27 Deireadh Fómhair 1924 – 19 Iúil 2005). Sa bhliain 1952 rinne sé aistear mara aonair ar bháidín calaidh rubair, l'Hérétique (an tEiriceach), ó na hOileáin Chanáracha trasna an Aigéin Atlantaigh. Níor thóg sé aon bhia ná uisce, mar bhí faoi a thairiscint féin a chruthú gurbh fhéidir le duine longbhriste maireachtáil ar éisc, planctóin, uisce báistí is beagán sáile. Tháinig sé i dtír ar Bharbadós tar éis 65 lá. Rinne sé cur síos ar a aistear eipiciúil sa leabhar Naufragé Volontaire (Longbhriste go Deonach, 1953). In Toulon, i ndeisceart na Fraince, a bhfuair sé bás agus 80 bliain slánaithe aige.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Alain Louis Bombard". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 83.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |