Aitéiné
Cineál | bandia dia Gréagach dia Oilimpeach |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | An Odaisé, Iliad, Na hAchainígh agus Hades |
Miotaseolaíocht | creideamh sa tSean-Ghréig |
Dáta | |
Inscne | baineann |
Slí bheatha | dia an chogaidh, art deity (en) , dia na heagnaíochta agus dia na ceardaíochta |
Cónaithe | Oilimpeas |
Breith | Oilimpeas |
Muintir | |
Máthair | Metis agus Coryphe (en) |
Athair | Séas |
Leanaí | Korybantes (en) agus Hygieia (en) |
Eile | |
Cuid de | an Dáréag Oilimpeach |
Smacht | eagna, cogadh, fíodóireacht, potaireacht agus talmhaíocht |
Siombail | Athena statue at Elis (en) , Athena statue at Olympia (en) , Atena Carpegna (en) , Head of Athena Carpegna type, PMT 3 (en) , Statua di Athena Promachos (en) agus Athena Lemnia's head (en) |
Comhionann | Minéirve, Pallas agus Aëdon (en) |
Is pearsa bainte le miotaseolaíocht na Gréige agus reiligiún na Sean-Ghréige í Aitéiné nó Aitéine nó Ataene (Athena nó Athene as Béarla[1]) ón Ghréigis.
Ainmneacha Gréagacha ar Aitéiné:[2]
- Ἀθηνᾶ, Athēnā, nó Ἀθηναία, Athēnaia (Gréigis na hAtaice)
- Ἀθηναίη, Athēnaiē (Gréigis Eipiciúil)
- Ἀθάνα, Athānā nó Athene (Gréigis Dhórach)
- Ἀθήνη, Athēnē (Gréigis Iónach)
Is ainmfhocal dílis baininscneach í an t-ainm “Aitéiné”.[3]
Tugtar buafhocal Pallas (nó Palas) go minic uirthi. Tugadh Palas Aitéine uirthi.[4]
Ba í Aitéiné bandia an chogaidh, na heagnaíochta, na ceardaíochta, agus na n-ealaíon.[2]
Siombailí Aitéiné: clogad, sleá, Aegis le Meadúsa, crann ológ.
Ba iad Séas agus Metis a tuismitheoirí.[5] Mhaíonn foinsí éigin gur rugadh Aitéiné ó cheann Shéasa.[2]
Mhaíonn foinsí go raibh sí ina maighdean síoraí agus ní raibh aon chlann aici.
D'fhoghlaim Proiméitéas an tabhartas tine agus eolas eile ó Aitéiné do dhaoine.
Táthar dealbh chré-umha ollmhór Aitéiné le Cath Mharatóin a chomóradh. Táthar dealbh eile Aitéiné Lemnia freisin.
Ba siad dealbha a bhí ar an tAcrapolas i dtús báire.
Séadchomhartha ársa sa Ghréig is ea an Partanón (Gréigis: παρθενών / parthenón, 'áras na maighdin' .i. 'áras na hAitéiné'.[6] Tógadh an Partanón ar an tAcrapolas sa 5ú Céad R.C. in ómós an Bhandé Aitéiné, éarlamh chathairstát na hAithne agus rinneadh na fríosanna mar chuid de dhearadh an fhoirgnimh.[7]
Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát, agus dealbh Ataene a bhí timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Rinne an dealbh seo é Féidias.
Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína), príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Baineann an t-ainm leis an mbandia Aitéiné, cosantóir na cathrach. Meastar go bhfuil baint idir ainm na cathrach agus an bandia Aitéiné.[8]
Bhí comórtas ann idir Aitéiné agus Poiséadón le haghaidh rialú na hAtaice. Bhuaigh Aitéiné rialú na hAtaice.
Ceaptar a bhfuil Aitéiné cosúil leis an Bhandé Rómhánach Minéirve.[9]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "gaelspell/miotas at master — kscanne/gaelspell".
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Athena — Wikipedia".
- ↑ "Aitéiné — Wiktionary".
- ↑ "Palas — Vicipéid".
- ↑ "Metis — Vicipéid".
- ↑ "An Partanón — Vicipéid".
- ↑ "Cé Leis Ealaín Ársa?". Beo! (Márta 2014). Dáta rochtana: 2022-09-02.
- ↑ "An Aithin — Vicipéid".
- ↑ "Minéirve — Vicipéid".
Is síol a bhaineann leis an nGréig é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |