An tOchtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann
An tOchtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Am | 7 Meán Fómhair 1983 | ||||||||||||||||
Cineál | reifrinn in Éirinn agus leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann | ||||||||||||||||
Líon daoine a vótáil | |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Toradh vótála | |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Cuireadh cearta beatha na gine sa bhroinn ar chomhchéim le cearta beatha na máthar leis an Acht um an Ochtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann. In éifeacht, chuir an leasú seo cosc ar ghinmhilleadh in Éirinn. Bhí sé mídhleathach ach amháin sa gcás go raibh saol na máthar i mbaol, baol féinmharaithe san áireamh.[1][2]
Glacadh leis an Acht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 le reifreann ar an 7 Meán Fómhair 1983.
Athruithe ar théacs an Bhunreachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh fo-alt isteach i ndiaidh Roinn 3 d'Airteagal 40 leis an Leasú seo:
"Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é."[1] Curtha i gcartlann 2016-02-09 ar an Wayback Machine
2012/2013
[cuir in eagar | athraigh foinse]De bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar sa bhliain 2012, chuir reachtaíocht nua le chéile, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (2013). "Ach ait go leor, ní léir go sábhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita".[3]
Aisghairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chinn an Rialtas ar 29 Eanáir 2018 go gcuirfí clásal nua in áit Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, nó an t-ochtú leasú mar a thugtar air go coitianta, a chuirfeadh ar chumas an Oireachtais reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh in Éirinn.[4]
I reifreann ar an 25 Bealtaine 2018, vótáil muintir na hÉireann (66% i bhfabhar agus 34% i gcoinne) chun an tOchtú Leasú a aisghairm.[5] Glacadh leis an mBille um an Seú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018. D'fhonn na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 40.3.3 den bhunreacht a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina háit:
"Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil."
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scannal Ann Lovett (1984) ; Cás Naíonáin Chiarraí (1984) ; Savita Halappanavar, 2012
- 13ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann ; 14ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann, 1992 ; 36ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann, 2018
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ tuairisc.ie (2018). "110 lá ó reáchtáladh reifreann cinniúnach an Ochtú Leasú, tá ceisteanna móra le réiteach go fóill".
- ↑ "Cruthaíonn dlíthe ar son an ghinmhillte cultúr mídhaonnachtúil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-28.
- ↑ beo.ie (EAGRÁN 148 · LÚNASA 2013). "Ginmhilleadh faoi Dheireadh ach an Leor é mar Réiteach". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ tuairisc.ie (2018). "cinneadh-deanta-ag-an-rialtas-reifreann-a-ghairm-faoin-ochtu-leas". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ oireachtas.ie (2018). "An Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018". Dáta rochtana: 2020.