Cás Naíonáin Chiarraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCás Naíonáin Chiarraí
Cineálimscrúdú coiriúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1984 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Imscrúduithe agGarda Síochána Cuir in eagar ar Wikidata

Ag 8.30pm, ar 14 Aibreán 1984, thángthas ar chorp linbh, 5 lá d’aois, ar an Trá Bhán, i gCathair Saidhbhín. Briseadh droim an linbh, agus sádh sa chroí é. Bhí 28 créacht scine ar a chorp.

Tugadh "Baby John" ar an leanbh.

Cuireadh i leith Joanne Hayes go héagórach, bean as Co Chiarraí, gur mharaigh sí an leanbh nuabheirthe. Rugadh leanbh dí; Shane a bhí tugtha air ach bhásaigh sé ar chúiseanna nádúrtha,

Tugadh Cás Leanaí ChiarraíCás Naíonáin Chiarraí (Béarla: Kerry babies case) ar an scannal. Is iad Shane agus John atá i gceist nuair a dhéantar tagairt go "Leanaí Chiarraí".[1]

Cathair Saidhbhín

Imeachtaí 1984[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn an fhiosrúcháin, mhaígh na Gardaí gur le Joanne Hayes, a bhí 24 bliain d’aois ag an am, an leanbh a aimsíodh ar an Trá Bhán, 75 ciliméadar ó bhaile na mná óig i Mainistir Ó dTorna, agus gurb í a dhúnmharaigh ‘Baby John’.[2] Cuireadh i leith Joanne Hayes agus a teaghlaigh ar dtús gurbh iadsan a bhí freagrach as bás John.

Fuarthas amach go raibh sí ag iompar ach nach raibh aon pháiste aici. Cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí i 1984 go raibh Joanne Hayes ag súil le leanbh sula dtángthas ar chorp John ar an trá, ach nach raibh fianaise ar bith ann go raibh leanbh nuabheirthe ag Joanne í féin.

Sa deireadh, thaispeáin Joanne do na Gardaí an áit ar adhlaic sí a maicín, a bhásaigh go luath tar éis a shaolaithe agus a adhlacadh ar fheirm an teaghlaigh.[3] Thángthas ar chorp leanbh Joanne ar fheirm a muintire. Shane a bhí tugtha air agus bhásaigh sé ar chúiseanna nádúrtha, a dúirt Joanne.

Ach fós leanadh de na líomhaintí. Nuair a gabhadh agus a cúisíodh í i ndúnmharú i 1984, maíodh gur thug sí beirt pháistí le beirt fhear éagsúil ar an saol, creid nó ná creid.[2]

Fiosrúcháin agus leithscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh caighdeán an fhiosrúcháin a rinneadh faoin gcás sna hochtóidí sách maith. Níos déanaí, bunaíodh Binse Fiosrúcháin Leanaí Chiarraí chun iompar na nGardaí sa gcás a fhiosrú – fiosrúchán a cáineadh go géar faoin mbealach ar ceistíodh finnéithe agus líomhaintí gan fianaise a dhéanamh, cé gur chun iompar na nGardaí a fhiosrú a bunaíodh an Binse Fiosrúcháin.[3][4]

Ar 16 Eanáir 2018, b'éigean do na Gardaí leithscéal a dhéanamh.[5] Dúirt an Ceannfort Flor Murphy, gur údar mór aiféala do na Gardaí gur thóg sé an fad seo orthu a dheimhniú nach í Joanne Hayes máthair an linbh. Ghabh na Gardaí a leithscéal léi as an strus agus as an bpian a d'fhulaing sí i gcaitheamh na mblianta.[6]

Níor ghabh an stát leithscéal oifigiúil le Joanne go dtí 2020. Bhí leithscéal gafa ag an Taoiseach Leo Varadkar thar ceann an Stáit le Joanne Hayes faoinar fhulaing sí.[7][8]

2023[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhadh beirt ar 23 Márta 2023 i ndiaidh d'eolas nua teacht chun cinn le linn athbhreithnithe de chuid scuad na bhfuarchásanna.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-03-24). "Bean a bhí á ceistiú maidir le bás an linbh "John" scaoilte saor" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 "Pléifear cúiteamh do Joanne Hayes agus leithscéal gafa léi ag an Taoiseach thar ceann an Stáit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-15.
  3. 3.0 3.1 "Leithscéal gafa le Joanne Hayes agus a muintir faoi chás Leanaí Chiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-15.
  4. Dónall Ó Maolfabhail (M.F. 2005). "Drochiompar na nGardaí: níl páirtithe an fhreasúra gan locht" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-15.
  5. Breandán Delap (30 Nollaig 2015). "‘We have paid £1 million for a work of fiction’ – léargas nua ar ‘Chás Naíonáin Chiarraí’ i gcáipéisí Stáit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-14.
  6. Nuacht RTÉ (2018-01-16). "Leithscéal gafa go poiblí ag na Gardaí le Joanne Hayes" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2018-01-17). "Leithscéal gafa ag an Taoiseach le Joanne Hayes" (as ga). 
  8. Siún Ní Dhuinn (2018-01-19). "Scéal naíonáin Chiarraí: "Céasadh an bhean óg sin. Céasadh í.""" (as ga). An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]