Aigéad formach
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 46.005 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | Artemisia jacutica, Coffea arabica, Blepharocalyx tweediei, Blepharocalyx salicifolius, Lupinus luteus, Escherichia coli, Isatis tinctoria, Salvia sclarea, Oecophylla smaragdina, Homo sapiens, Cochlospermum planchonii, Caenorhabditis elegans, hopa, Apium graveolens, Catharanthus roseus, Capsicum annuum agus Sinorhizobium meliloti |
Ról | príomh-mheitibilít |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | CH₂O₂ |
SMILES canónta | Model 2D C(=O)O |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 1.22 g/cm³ (a 20 °C, leacht) |
Slaodacht dhinimiciúil | 0.16 Pl |
Comhéifeacht athraonta | 1.3714 |
PKa | 3.81 |
Móimint leictreach dhépholach | 1.41 D |
Pointe leáite | 8.25 °C 8 °C 8.3 °C |
Fiuchphointe | 100.7 °C 101 °C (a 101.325 kPa) |
Móimint leictreach dhépholach | 1.41 D |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −409.19 kJ/mol |
Galbhrú | 35 mmHg (a 20 °C) |
Guais | |
Teorainn inlasta íochtair | 18 vol% |
Teorainn inlasta uachtarach | 57 vol% |
Teocht uathadhainte | 520 °C |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 9 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Splancphointe | 122 °F |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 56.4 mg/m³ |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () | |
Eile | |
Class II combustible liquid (en) |
Is é an t-aigéad formach (nó an t-aigéad meatánóch i dtéarmaíocht Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí, IUPAC) an ceann is simplí de na haigéid charbocsaileacha: níl sa mhóilín go bunúsach ach an grúpa carbocsaileach agus é nasctha d'adamh hidrigine: HCOOH. Is amhábhar tábhachtach é i sintéisiú a lán táirgí sa tionsclaíocht cheimiceach, agus fáil air sa dúlra. Is é an t-aigéad formach is cúis leis an dóigh a ngreannaíonn cealg nó greim a lán feithidí an craiceann, na seangáin ach go háirithe. Tá an t-aigéad féin ainmnithe as na seangáin, nó is é formica an focal Laidine ar "seangán" (cf. fourmi na Fraincise, hormiga na Spáinnise). Cosúil leis na haigéid charbocsaileacha eile, is aigéad réasúnta lag é. Mar sin féin, tá sé níos láidre ná na haigéid alcánacha eile: is é an tairiseach díthiomsúcháin atá aige ná 3.744, nuair nach bhfuil an t-aigéad aicéiteach, an dara ceann is láidre acu, ach 4.76 ar tairiseach díthiomsúcháin. (Tabhair faoi deara go bhfuil an tairiseach díthiomsúcháin ag dul i méadaíocht de réir mar atá an aigéadacht ag dul i laige. Cosúil leis an pH-uimhir, is frithlogartam é an tairiseach seo.)
Formáití nó meatánóáití a thugtar ar shalainn an aigéid fhormaigh.
Tá an t-aigéad formach sothuaslagtha san uisce: is féidir an dá leacht a mheascadh i gcoibhneas ar bith.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |