Aigéad formach
Aigéad formach | |
---|---|
![]() |
![]() |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 64-18-6 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | CH2O2 |
Mais mhóilíneach | 46.03 g/mol |
Dlús | 1.22 g/mL |
Leáphointe | 8.4 °C, 282 K, 47 °F |
Fiuchphointe | 101 °C, 374 K, 214 °F |
pKa | 3.744 |
Guaiseacha | |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Is é an t-aigéad formach (nó an t-aigéad meatánóch i dtéarmaíocht Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí, IUPAC) an ceann is simplí de na haigéid charbocsaileacha: níl sa mhóilín go bunúsach ach an grúpa carbocsaileach agus é nasctha d'adamh hidrigine: HCOOH. Is amhábhar tábhachtach é i sintéisiú a lán táirgí sa tionsclaíocht cheimiceach, agus fáil air sa dúlra. Is é an t-aigéad formach is cúis leis an dóigh a ngreannaíonn cealg nó greim a lán feithidí an craiceann, na seangáin ach go háirithe. Tá an t-aigéad féin ainmnithe as na seangáin, nó is é formica an focal Laidine ar "seangán" (cf. fourmi na Fraincise, hormiga na Spáinnise). Cosúil leis na haigéid charbocsaileacha eile, is aigéad réasúnta lag é. Mar sin féin, tá sé níos láidre ná na haigéid alcánacha eile: is é an tairiseach díthiomsúcháin atá aige ná 3.744, nuair nach bhfuil an t-aigéad aicéiteach, an dara ceann is láidre acu, ach 4.76 ar tairiseach díthiomsúcháin. (Tabhair faoi deara go bhfuil an tairiseach díthiomsúcháin ag dul i méadaíocht de réir mar atá an aigéadacht ag dul i laige. Cosúil leis an pH-uimhir, is frithlogartam é an tairiseach seo.)
Formáití nó meatánóáití a thugtar ar shalainn an aigéid fhormaigh.
Tá an t-aigéad formach sothuaslagtha san uisce: is féidir an dá leacht a mheascadh i gcoibhneas ar bith.