Aigéad tartarach
Jump to navigation
Jump to search
C4H6O6, comhdhúil le 3 stéiré-isiméir. Dhá cheann acu, is íomhánna scáthánacha dá chéile iad. An ceann eile, is íomhánna scáthánacha dá chéile an dá leath den mhóilín, agus tugtar aigéad méiseatartarach air. Faightear isiméir amháin, agus a shalainn potaisiam is cailciam, go fairsing i bplandaí. Úsáidtear tartráit photaisiam hidrigine — gealtartar — mar aigéad i bpúdar bácála. Déshalann potaisiam is antamóin atá in urlacach tartarach.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |