Aidan Gillen
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Aibreán 1968 56 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht |
Gairm | aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, aisteoir |
Tréimhse oibre | 1985 – |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Siblín | Fionnuala Murphy |
|
Aisteoir Éireannach is ea Aidan Gillen (a rugadh mar Aidan Murphy ar 24 Aibreán 1968).
Tá iomrá aige mar gheall ar a rólanna mar Petyr "Littlefinger" Baelish sa tsraith HBO Game of Thrones (2011– 17), mar Tommy Carcetti sa tsraith HBO The Wire (2004– 08), mar Stuart Alan Jones sa tsraith Channel 4 Queer as Folk (1999-2000), mar John Boy sa chlár RTÉ Love/Hate (2010–11) agus mar ghníomhaire CIA, Bill Wilson, in The Dark Knight Rises (2012). Chomh maith leis sin, óstáil sé Other Voices ó shéasúr 10 go séasúr 13.
Tá trí Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann buaite aige [1] agus ainmníodh é do British Academy Television Award, do British Independent Film Award, agus do Ghradam Tony.[2]
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Gillen i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath. Bhí sé oilte ag Scoil Naomh Uinsionn i nGlas Naíon. Thosaigh sé a ghairm mar dhéagóir le Youth Theatre Ireland, ag imirt Nick Bun in A Midsummer Night's Dream sa Project Arts Centre sular bhog sé go Londain.[3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac Gillen páirt mar Stuart Alan Jones sa tsraith theilifíse úrnua Channel 4 Queer as Folk agus ainmníodh Gillen don Aisteoir is Fearr sa British Academy Television Awards. Tugadh ardmholadh dó sa dráma Broadway Harold Pinter The Caretaker agus ainmníodh é do Ghradam Tony [4] Fuair sé ainmniúchán do ghradam amharclannaíochta Irish Times mar gheall ar a léiriú in American Buffalo le David Mamet (Amharclann an Gheata 2007).[5]
Sa bhliain 2008, moladh é mar "Laoch cultach Éireannach" sa Sunday Tribune. Sa bhliain 2009, Bhí páirt aige sa scannán 12 Babhtaí agus Freefall, dráma teilifíse de chuid an BBC . Bhí sé ina chomhréalta mar Phil Hendrick sa dráma Briotanach Thorne.
Sa bhliain 2011, thosaigh Gillen ag aisteoireacht sa tsraith HBO Game of Thrones mar Petyr "Littlefinger" Baelish. Sa bhliain sin, fuair sé a dara ainmniúchán Irish Film & Television Award.[6] Bhí páirt aige sa tsraith ó shéasúr a haon go séasúr a seacht nuair a fhaigheann a charachtar bás.[7] Bhí an phríomhpháirt aige sa choirscéinséir Briotanach Blitz mar dúnmharfóir srathach Barry Weiss agus sa scannán uafáis Wake Wood. Ba cheannasaí coireacht John Boy é Gillen sa tsraith Éireannach Love/Hate.[8]
Sa bhliain 2012, bhí páirt beag ag Gillen sa scannán The Dark Knight Rises mar gníomhaire CIA Bill Wilson[9], a chéad ról i Hollywood.[10] Dúirt Gillen gur bhain sé taitneamh as an ról ach gur fearr leis an priomhról i scannáin beaga ná páirt beag i mórscannáin. Sa bhliain chéanna, bhí an príomhpháirt aige sa dráma spiaire Shadow Dancer, agus fógraíodh é mar óstach an seó ceoil Other Voices.[11][12]
Ghlac Gillen páirt sa tsraith BBC Mayday sa bhliain 2013, agus sa scannán grinn Éireannach Cavalry sa bhliain dár gcionn.[13] Roinn sé ainmniúchán Screen Actors Guild Award le foireann aisteoirí Game of Thrones.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Gillen Olivia O'Flanagan sa bhliain 2001. Bhí beirt leanaí acu, agus bhí cónaí orthu i nDaingean uí Chúis. Sa bhliain 2009, nuair a bhuaigh Gillen Irish Film and Television Award, thiomnaigh sé an gradam dá bhean chéile is a leanaí. Dúirt Gillen gur spreag siad é.[14][15]
In 2014, thosaigh Gillen ag dul amach leis an amhránaí Camille O'Sullivan.[16][17]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "IFTA winners 2012 announced". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Aibreán 2012. (en)
- ↑ "Current (Aidan Gillen) and future (Richard E. Grant) Game of Thrones Actors discuss their careers". Winter is Coming.(en)
- ↑ "'I don't mind nasty roles'". The Guardian. (en)
- ↑ "Aiden Gillen Tony Award".(en)
- ↑ "Theatre Awards Shortlist Announced".(en)
- ↑ "Aidan Gillen – Nominated for TWO IFTA awards".(en)
- ↑ "'Game of Thrones' Premiere: What to Expect from Season 5". (en)
- ↑ "Third series of Love/Hate in development". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Bealtaine 2012.(en)
- ↑ Cox, Greg (24 Iúil 2012). "The Dark Knight Rises: The Official Novelization". London: Titan Books.
- ↑ "Lost soul: Aidan Gillen is taking on an existential crisis in the spiky Mister John".(en)
- ↑ "Gillen is new Other Voices host".(en)
- ↑ "I did warn you not to trust me…". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-14. Dáta rochtana: 2018-01-09.(en)
- ↑ "Aidan Gillen in BBC thriller Mayday".(en)
- ↑ "Winners of the 6th Annual Irish Film and Television Awards".(en)
- ↑ "'Aloof? I was just scared' - Aidan Gillen on finding love, dealing with his father's illness and why he prefers Kerry to Hollywood" (en). Irish Independent (2020-11-29). Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ "Hot off the Wire". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Samhain 2011. Dáta rochtana: 28 Eanáir 2018.(en)
- ↑ "Aidan Gillen: ‘My best kiss? Up against a caravan in County Sligo as a teenager’".(en)