Aerálaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticAerálaí

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
ÚsáidMechanical Ventilation to Minimize Progression of Lung Injury in Acute Respiratory Failure (en) Aistrigh
Croineolaíocht
Fionnachtain1950 Cuir in eagar ar Wikidata

Meaisín chun ocsaigin a sholáthar d'othar agus dé-ocsaíd charbóin a bhaint uaidh, nuair nach bhfuil sé in ann análú dó féin, is ea aerálaí.

Leathnaíonn sé na scamhóga ó am go ham trí fheadán a chuirtear sa traicé (téann an t-othar faoi thraicéastóime uaireanta; níl sé sin ró-choitianta sa lá atá inniu ann).

Scamhóg iarainn, b'fhéidir san 1950idí san S-A

Tá gaireas simplí iniompartha ar fáil is féidir a oibriú de lámh le haghaidh análú ghearrthéarmaigh é. Nuair a bhíonn gá le húsáid fhadtréimhseach, tá meaisíní uathoibríocha ar fáil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig an t-análaitheoir chun cinn ar dtús sna 1930idí, thugtaí scamhóg iarainn air.[1] Bosca mór a dhóthain ab ea é chun colainn othair a chur isteach ann, gan ach a cheann is a mhuineál taobh amuigh. D'fhaightí sreabh aeir isteach sna scamhóga tríd an mbrú taobh istigh den bhosca a laghdú, rud a leathnaigh cliabhrach is scamhóga an othair. Bhaintí feidhm as i gcás othar le pairilis riospráide de bharr polaimiailítispóilió, ach níl sé in úsáid a thuilleadh.

Sa bhliain 1952/1953, rinne Bjørn Iben, ainéistéisí cróga i gCóbanhávan sa Danmhairg, an chéad aerálaí meicniúil nua-aimseartha. Réab eipidéim phóilió ar fud na tíre agus bhí páistí ag fáil bháis ina sluaite, le cliseadh hiopanálaithe riospráide ‘Múineann gá seift’, mar a deirtear agus rinne Iben traicéastóime ar cailín 12 bliain d'aois ar 25 Lúnasa 1952 agus ansin cheangail sé aerálaí meicniúil bunúsach.[2][3][4][5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Iron lung" (as en) (2022-07-24). Wikipedia. 
  2. Hussey, Matt (2011). "Análaitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 38.
  3. "Witness History - The invention of the modern ventilator - BBC Sounds" (en-GB). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2022-08-25.
  4. John B West / ncbi.nlm.nih.gov J Appl Physiol. 2005 Aug; 99(2): 424–432. doi: 10.1152/japplphysiol.00184.2005 (Lúnasa 2005). "The physiological challenges of the 1952 Copenhagen poliomyelitis epidemic and a renaissance in clinical respiratory physiology". Dáta rochtana: 2022.
  5. Christophe Letellier (2013). "Chaos in Nature" (as en). World Scientific.