Adhlacthaí portaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Adhlacadh portaigh

Coirp ársa dhaonna a fuarthas i bportaigh i dtuaisceart na hEorpa, a bhfíocháin bhoga is a gcuid gruaige caomhnaithe go han-mhaith faoi na cúinsí báite anaeróbacha sna portaigh. Fuarthas na céadta díobh seo in Éirinn, an Bhreatain, an Ollainn, an Ghearmáin agus an Danmhairg. I 1984 fuarthas corp fir óig (Duine Lindow, 25-30 bliain d'aois, 1.7 m ar airde) a adhlacadh timpeall 300 RC i Lindow Moss i Sasana: meastar gur maraíodh é mar choirpeach nó íobairt. Tá léargas úr tábhachtach faighte ar ré na págánach ó dhá chorpán a fuarthas i bportaigh le déanaí. Ba sa bhliain 2003 a thágthas ar Fhear Chluain an Chabháin ó Cho. na Mí agus ar fhear Chruacháin, ó Cho.  Uíbh Fhailí, arbh íobairtí daonna iad beirt idir tuairim is 400 agus 200 R.Ch. Sholáthair mionanailís ar na corpáin agus taighde ar fhríotha eile ó phortaigh léargais nua a thabharfadh le fios gur bhain na híobairtí seo ón Iarannaois le deasghnátha ársa flaithis agus ríogachta.[1][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Adhlacthaí portaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 10.
  2. Eamonn P. Kelly (2007). "Treoirleabhar Ard-Mhúsaem na hÉireann Seandálaíocht".