Adamhghaiste
Cuma
Feiste chun adaimh a ghaistiú trína luas a laghdú go mór trí fhuarú le léasar. Déantar an gaistiú le réimsí maighnéadacha nó léas dian léasair, fócasaithe ar phonc. Tháinig an t-adamhghaiste maighnéadoptúil, le réimsí maighnéadacha is léasair fhócasaithe, chun cinn ó 1987, agus is é seo an saghas is coitianta anois. Nuair a bhíonn na hadaimh gaistithe, is féidir staidéar a dhéanamh ar a n-airíonna agus iad a úsáid i dturgnaimh san optaic adamhach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Adamhghaiste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 10.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |