Fuarú le léasar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach chun luas adamh is ian i ngás a mhoilliú trí iad a thuargaint le solas léasair. Úsáidtear é in ianghaistí is adamhghaistí. Nuair a imbhuaileann fótón ón léasar le hadamh atá ag teacht ina choinne, ionsúnn an t-adamh an fótón fuinnimh agus athastaíonn é go luath ina dhiaidh sin i dtreo randamach, rud a laghdaíonn luas an adaimh sin. De réir a chéile laghdaítear luas gach adaimh, agus is ionann sin is laghdú i bhfuinneamh na n-adamh sa soitheach, agus mar sin i dteocht an gháis ina iomláine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuarú le léasar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 293.