Académie française
Comhairle teanga is ea L’Académie française (Gaeilge: Acadamh na Fraincise) a stiúrann an Fhraincis. Ba é an Cairdinéal de Richelieu a bhunaigh í sa bhliain 1635, rud a dhein sé i gcaitheamh réimeas Louis XIII. Tá sí ar cheann desna hinstitiúidí is ársa sa Fhrainc.
Tá 40 ball inti agus is iad na baill atá inti cheana féin a thoghann baill nua.[1]
Feidhmeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir alt XXIV desna Statuts, is é "an phríomhfheidhm ag an Acadamh a bheith ag obair, chomh cáiréiseach is chomh dícheallach agus is féidir, chun rialacha chinnteacha a thabhairt dár dteanga agus chun fíortheanga líofa, teanga in ann na ceirdeanna agus na heolaíochtaí a chur síos, a dhéanamh di leis."[2]
In aice leis an ailt thuas, bíonn an Académie française ag déanamh freastail ar an bhFraincis. Le cois an fheidhm sin, bíonn an tAcadamh ina pátrún ar an teanga leis.
Freastal a dhéanamh ar an bhFraincis
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'oibrigh an tAcadamh san am atá thart le caoi a chur ar an teanga, chun oidhreacht choitianta a dhéanamh di do mhuintir na Fraince ar fad, agus dóibh siúd ar fad a labhraíonn an Fhraincis.
Sa lá atá inniu ann, is é gá ná a cuid tréithe a choinneáil agus feigheal a dhéanamh ar fhorbairtí riachtanacha. Cuireann an tAcadamh úsáid mhaith in iúl. Déantar sin trí chruthú fhoclóir an Acadaimh Fhrancaigh (Dictionnaire de l'Académie française) a shocraíonn úsáid na teanga, ach freisin trína chuid comhairle agus tré bheith páirteach i gcoimisiúin éagsúla ar fhoclaíocht.
Patrúnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh i ndán don eagraíocht an dara cuspóir - an phátrúnacht, nó coimirce ar obair liteartha - nár feiceadh a gá ag tús na heagraíochta, tré bhronntanais agus oidhreachtaí a tugadh di. Bronnann an tAcadamh tuairim is seasca duais litríochta 'chuile bhliain ar dhaoine.
Ba chóir Grand prix de la francophonie (Gaeilge: 'Duais Mór Réimse na Fraincise'), duais a bhronntar 'gach bliain ó 1986 i leith agus a thugann le fios suim leanúnach an Acadaimh i mbláthú na Fraincise sa domhain, a lua go háirithe.
Chomh maith leis sin, tugann an tAcadamh síntiúis do chumainn liteartha agus eolacha, do thograí charthanacha, do go leor clann i ngátar, do bhaintrigh, do dhaoine in ísle fabhair nó a rinne éacht lena dtabhairt féin suas ag cuspóir thábhachtach, chomh maith le roinnt sparáin (Sparáin Zellidja, Neveux, Corblin, Damade).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Cairdinéal de Richelieu an tAcadamh ar bun sa bhliain 1635. Cuireann na dlíthe agus rialacha a chuir an Cairdinéal ar aghaidh, chomh maith leis na lettres patentes a chuir Louis XIII a ainm leo sa bhliain 1635 agus a chláraigh an Pharlaimint sa bhliain 1637, a carachtar oifigiúil mar chomhlacht um fhir litreacha, a bhíodh ag teacht le chéile i mbealach neamhfhoirmiúil roimhe sin, ar bun.
B'é an misean a tugadh dó óna thús an Fhraincis a dhaingniú, rialacha a thabhairt di, agus í a fhágáil glan agus ion-tuigthe don uile dhuine. Uaidh sin, b'éigean dó tosú le foclóir a chumadh.
Foilsíodh an chéad eagrán de sin sa bhliain 1694, agus na cinn eile sna blianta 1718, 1740, 1762, 1798, 1835, 1878, 1932-1935, 1992. Tá an naoú cheann den fhoclóir á fhoilsiú faoi láthair.
Tionóladh an tAcadamh a chuid cruinnithe ar dtús i dteach duine éigin dá chuid ball, agus ina dhiaidh sin i chancelier Séguier ó 1639 ar aghaidh, sa Louvre ó 1672 ar aghaidh, agus ar deireadh i gColáiste na gCeithe Náisiún nó Collège des Quatre-Nations, ar deineadh ceannáras an Acadaimh de, ó 1805 go dtí an lá atá inniu ann.
I rith na dtrí gcéad bliain go leith atá sé ar an saol, d'éirigh leis a chuid institiúide a choinneáil beo, agus d'fheidhmigh siad go rialta, seachas an mhíshocracht idir 1793 agus 1803.
D'fhógair an Cairdinéal de Richelieu mar chosantóir ar an Acadamh é féin. Ar a bhás, b'é an seansealéar Séguieran a thug an chosaint seo dó, agus ansin Louis XIV agus, as sin amach, na ríthe, impirí agus cinn stát ar fad ar an bhFrainc.
Na Déithe Buana (Les Immortels)[3]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 40 baill san Acadamh ar a mhéad agus is iad na baill atáid ann iad féin a thoghann ball nua más gá. Óna thús anall, ghlac sé le níos mó ná 700 ball.
Tugann sé le chéile filí, úrscéalaithe, fir amharclainne, fealsúnaithe, dochtúirí leighis, fir eolaíochta, eitneolaithe, léirmheastóirí ealaíne, saighdiúirí, fir stát, agus fir Eaglaise, agus rinne gach duine acu maisiú ar leith ar an bhFraincis.
Óna dhéantús éagsúil, tugann sé pictiúir fíor den taileann, den intleacht, den chultúr, den tsamhlaíocht litreach agus eolaíoch atá mar bhonn ag le génie de la France.
Ón gcomhartha agus mana (« À l'immortalité ») atá ar an gclaidheamh a thug bunaitheoir an Acadaimh, an Cairdinéal de Richelieu, don Acadamh a thagann leasainm na scoláirí, na Déithe Buana nó les immortels.
Bíonn cleachtadh acu, agus tá go fóill, ar bhreithiúnais soiléir a thabhairt ar úsáid cheart focal, agus as sin ar na coincheapa agus na luachanna a iompraíonn siadsin a shainmhíniú. Tá a n-údarás morálta in ábhair teanga bunaithe in úsáid agus i dtraidisiún.
Dearadh an ionnar ghlas cháiliúil, a iompraíonn na scoláirí, leis an bicorne, an cába agus an chlaíomh, i rith suíomh shollúnta bliantúil an Acadaimh faoin Coupole, in aimsir an Consulat. Úsáidtear i measc baill go léir an Institut de France (Gaeilge: 'Institiúid na Fraince') é. Meastar go minic gur sórt choisreacan thar chách é toghadh duine go dtí an tAcadamh.
Is dínit atá buan ó aon athrú rialtas nó eile é feabhas scoláire. Ní féidir le haon duine éirí as an Acadamh. Ach is féidir leis an gcomplacht eisceachtaí a fhógairt mar gheall ar chúiseanna troma a lotann onór; b'fhíor-annamh na heisceachtaí le linn na staire.
Baill Reatha an Acadaimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cathaoir | Ball | Dáta dá thoghadh
(nó dá toghadh) |
Duine a chuir fáilte roimhe
(nó roimpi) |
Dáta dá fháiltiú
(nó dá fáiltiú) |
Óráid fháiltithe
agus Freagra[4] |
---|---|---|---|---|---|
1 | Claude Dagens | 17ú Aibreán 2008 | Florence Delay | 14ú Bealtaine 2009 | [*] |
2 | Dany Laferrière | 12ú Mí na Nollag 2013 | Amin Maalouf | 28ú Bealtaine 2015 | [*] |
3 | Jean-Denis Bredin | 15ú Meitheamh 1989 | Pierre Moinot | 17ú Bealtaine 1990 | [*] |
4 | Jean-Luc Marion | 6ú Samhain
2008 |
Claude Dagens | 21ú Eanáir 2010 | [*] |
5 | Andreï Makine | 3ú Márta 2016 | Dominique Fernandez | 15ú Mí na Nollag 2016 | [*] |
6 | Marc Fumaroli | 2ú Márta 1995 | Jean-Denis Bredin | 25ú Eanáir 1996 | [*] |
7 | Jules Hoffmann | 1ú Márta 2012 | Yves Pouliquen | 30ú Bealtaine 2013 | [*] |
8 | Folamh | ||||
9 | Folamh | ||||
10 | Florence Delay | 14ú Mí na Nollag 2000 | Hector Bianciotti | 15ú Samhain 2001 | [*] |
11 | Gabriel de Broglie | 22ú Márta 2001 | Maurice Druon | 7ú Feabhra 2002 | [*] |
12 | Jean d'Ormesson | 18ú Deireadh Fómhair 1973 | Thierry Maulnier | 6ú Meitheamh 1974 | [*] |
13 | Folamh | ||||
14 | Hélène Carrère d'Encausse | 13ú Mí na Nollag 1990 | Michel Déon | 28ú Samhain 1991 | [*] |
15 | Frédéric Vitoux | 13ú Mí na Nollag 2003 | Michel Déon | 27ú Márta 2003 | [*] |
16 | Valéry Giscard d'Estaing | 11ú Mí na Nollag 2003 | Jean-Marie Rouart | 16ú Mí na Nollag 2004 | [*] |
17 | Erik Orsenna | 28ú Bealtaine 1998 | Bertrand Poirot-Delpech | 17ú Meitheamh 1999 | [*] |
18 | Michel Serres | 29ú Márta 1990 | Bertrand Poirot-Delpech | 31ú Eanáir 1991 | [*] |
19 | Jean-Loup Dabadie | 10ú Aibreán 2008 | Frédéric Vitoux | 12ú Márta 2009 | [*] |
20 | Angelo Rinaldi | 21ú Meitheamh 2001 | Jean-François Deniau | 21ú Samhain 2002 | [*] |
21 | Alain Finkielkraut | 10ú Aibreán 2014 | Pierre Nora | 28ú Eanáir 2016 | [*] |
22 | René de Obaldia | 24ú Meitheamh 1999 | Bertrand Poirot-Delpech | 15ú Meitheamh 2000 | [*] |
23 | Pierre Rosenberg | 7ú Mí na Nollah 1995 | José Cabanis | 14ú Samhain 1996 | [*] |
24 | Folamh | ||||
25 | Dominique Fernandez | 8ú Márta 2007 | Pierre-Jean Rémy | 13ú Mí na Nollag 2007 | [*] |
26 | Jean-Marie Rouart | 18ú Mí na Nollag 1997 | Hélène Carrère d'Encausse | 12ú Samhain 1998 | [*] |
27 | Pierre Nora | 7ú Meitheamh 2001 | René Rémond | 6ú Meitheamh 2002 | [*] |
28 | Jean-Christophe Rufin | 19ú Meitheamh 2008 | Yves Pouliquen | 12ú Samhain 2009 | [*] |
29 | Amin Maalouf | 23ú Meitheamh 2011 | Jean-Christophe Rufin | 14ú Meitheamh 2012 | [*] |
30 | Danièle Sallenave | 7ú Aibreán 2011 | Dominique Fernandez | 29ú Márta 2012 | [*] |
31 | Michael Edwards | 21ú Feabhra 2013 | Frédéric Vitoux | 22ú Bealtaine 2014 | [*] |
32 | François Weyergans | 26ú Márta 2009 | Erik Orsenna | 16ú Meitheamh 2011 | [*] |
33 | Dominique Bona | 18ú Aibreán 2013 | Jean-Christophe Rufin | 23ú Deireadh Fómhair 2014 | [*] |
34 | François Cheng | 13ú Meitheamh 2002 | Pierre-Jean Rémy | 19ú Meitheamh 2003 | [*] |
35 | Yves Pouliquen | 29ú Samhain 2001 | Michel Mohrt | 30ú Eanáir 2003 | [*] |
36 | Folamh | ||||
37 | Folamh | ||||
38 | Marc Lambron | 26 Meitheamh 2014 | Erik Orsenna | 14ú Aibreán 2016 | [*] |
39 | Jean Clair | 22 Bealtaine 2008 | Marc Fumaroli | 18ú Meitheamh 2009 | [*] |
40 | Xavier Darcos | 13ú Meitheamh 2013 | Jean-Loup Dabadie | 12ú Feabhra
2015 |
[*] |
"An 41ú chathaoir"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí go leor scríbhneoirí, cáiliúil go minic, nár éirigh leo ariamh dul trí gheataí an Acadaimh uasail, ar chúiseanna éagsúla, mar nárbh iarrthóirí riamh iad, mar nár glacadh lena n-iarratais, nó mar gur thóg an bás leis iad roimh a n-am. B'é Arsène Houssaye a cheap an t-ainm 41ú chathaoir chun na húdair sin a chur i gcéill i L'histoire du 41ème fauteuil de l'Académie française in 1885.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (19 Feabhra 2022). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-02-21.
- ↑ 'Statuts et règlements' - i bhFraincis
- ↑ nó na ‘buanlaochra’ ... Conradh na Gaeilge, Londain (2022). "Nuacht Mhall: 19 Feabhra 2022 (Gaillimh) on Apple Podcasts" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-02-21.
- ↑ Nílid na hóráidí agus na freagraí ar fáil ach i bhFraincis amháin.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- L'Académie française: Suíomh oifigiúil
- Les Immortels Curtha i gcartlann 2005-10-26 ar an Wayback Machine: Liosta beathaisnéis na 705 Déithe Buana le cuidiú taighde
- La langue française Curtha i gcartlann 2005-09-07 ar an Wayback Machine: Tuairisc ar an bhFraincis
- Dictionnaire de l'Académie française Curtha i gcartlann 2007-08-07 ar an Wayback Machine: Foclóir Acadaimh Fhrancaigh