Abu Nuwas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAbu Nuwas

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ar) أبو نواس
Beathaisnéis
Breithc. 756
Ahvaz Cuir in eagar ar Wikidata
Bás814 (Féilire Ghréagóra)
57/58 bliana d'aois
Bagdad Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tIoslam
Teanga dhúchaisan Araibis
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaAn Araibis

File Araibise ba ea Abū Nuwās al-Ḥasan ibn Hānī al-Ḥakamī' (756814),aAbū Nuwās mar is fearr aithne air[1] (Araibis: ابو نواس; Peirsis: ابو نواس, Abū Novās). Scríobh sé cuid dá dhánta as Peirsis freisin. Rugadh Abu Nuwas i gcathair Ahvaz in Impireacht na Peirse.[2]Arabach ba ea a athair Hānī, a bhí ina shaighdiúir in arm Marwan II. Peirseach ba ea a mháthair.[1] Golban an t-ainm a bhí uirthi agus fíodóir a bhí inti. Bhog Abū Nuwās go Baghdad agus is ann a bhain a fhilíocht clú amach. Bhí sé in ainm a bheith ar an bhfile is mó i gcríocha na Moslamach. Bhí tionchar mór aige ar go leor de na scríbhneoirí a tháinig ina dhiaidh, mar shampla Omar Khayyám agus Hafiz. Tá tagairtí d'Abu Nuwas sna hOícheanta Arabacha, agus i scéalta eile, ní hamháin ina réigiún dúchais ach i gcultúr Svahaílise na hAfraice Thoir freisin. Ainmníodh go leor áiteanna i mBaghdad in ómós dó, agus sa bhliain 1976 tugadh ainm Abu Nuwas ar chráitéar ar Mhearcair.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Nóta Ní léir cén bhliain a saolaíodh é - dócha go bhfuil an dáta ceart timpeall 756-758 agus gur cailleadh é timpeall 810-814,[3][4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Garzanti
  2. Esat Ayyıldız. "Ebû Nuvâs’ın Şarap (Hamriyyât) Şiirleri". Bozok Üniversitesi İlahiyat Fakültesi Dergisi 18 / 18 (2020): 147-173.
  3. Garzanti, Aldo (1974). "Enciclopedia Garzanti della letteratura". Milan: Garzanti. 
  4. Straley, Dona S. (2004). "The undergraduate's companion to Arab writers and their web sites". Libraries Unlimited. ISBN 978-1-59158-118-5. 

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]